Sinn Féin - On Your Side

Adams to Meet Minister for the Gaeltacht Pat Carey

21 October, 2010 - by Pat Sheehan


Beidh Gerry Adams agus toscaireacht ó Shinn Féin, ag bualadh leis an Áire Gaeltachta, Pat Carey, amarach an 22ú Deireadh Fómhair.

Beidh an cruinniu i dTeach Laighin agus pléifear réimse iomlán d’ábhair Ghaeilge, Plean 2030, Athstructurú Foras na Gaeilge agus impleachtaí an eagraíocht nua, Údaras na Gaeilge, ar chosaint agus forbairt na ceantracha Gaeltachta san áireamh.

Bhíodh cruinnithe rialta idir Sinn Féin agus an iar-Áire Gaeltachta Éamon Ó Cuiv agus tá siad ag súil leis an teagmháil seo a fhorbairt leis an tUasal Carey.

I measc na ndaoine a bheas i láthair ag an chruinniú beidh Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin agus Feisire Parliaminte d’Iarthar Bhéal Feirste, Grainne Nic Géidigh, ball Shinn Féin toghtha ar Údaras na Gaeltachta agus Pearse O Doherty, ball toghtha de Shinn Féin ins an tSeanad agus Aengus O Snodaigh TD.

Dúirt Gerry Adams, “go bhfuil ceist na Gaeilge an-ard ar chlár polaitíochta Shinn Féin agus gur tábhachtach go mbeadh pairtithe polaitiúla ag comh-oibriú ar cheist na Gaeilge a oiread agus is féidir”.

Connect with Sinn Féin