Sinn Féin - On Your Side

Seolann Sinn Féin moltaí Gaeilge ag Ard Oifig Fhine Gael

15 February, 2011 - by Pearse Doherty TD


Ag labhairt tar éis dó Moltaí Shinn Féin ar an nGaeilge a sheoladh lasmuigh de Ard Oifig Fhine Gael i mBaile Átha Cliath, dúirt Pearse Doherty TD gur roghnaigh siad ceannáras Fhine Gael mar agóid i gcoinne plean Fhine Gael chun deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar riachtanach don Ardteist.

Dúirt sé:

"Tá Sinn Féin 100% ar son cur chun cinn na Gaeilge, murab ionann agus Fine Gael atá ag moladh stadas na teanga a ísliú, agus iad ag iarraidh í a ábhar riachtnach don Ardteist.

"Inniu sheolamar liosta moltaí a bheadh mar chosaint níos fearr d'ár dteanga, má chuirtear iad i bhfeidhm.

"Táimíd ag moladh Aire Gaeilge agus Gaeltachta sa Chomh-aireacht chun an Stráitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm.

"Is bonn tábhachtach de shochaí dhaonlathach é comhionnanas agus folaíonn sé seo seasamh le cearta chainteoirí na Gaeilge.

"Tá todhchaí na Gaeilge ag brath ar shaol na nGaeltachtaí ina maireann an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail. Ba cheart go mbeadh ceantair Ghaeltachta á gcosaint, á dtacú agus á bhforbairt. Sin an fáth atáimíd ag moladh go dtugtar lántacaíocht agus áiseanna don Ghaeilge sa chóras oideachais agus gur gá an ceart oideachais trí mheán na Gaeilge a chosait go dleathach agus sa Bhunreacht."

CRIOCH

Connect with Sinn Féin