Sinn Féin - On Your Side

Beidh stádas na Gaeilge luaite againn ag gach doras roimh na toghcháin seo

26 May, 2004


Dúirt Aengus Ó Snodaigh TD ag preasagallamh inniu go raibh ábhar stádas na Gaeilge ceann de na hábhair beo agus polaitiúil do Shinn Féin agus go raibh gach iarrthóir ag labhairt faoi ag na doirse roimh na toghcháin áitiiúla agus Eorpaigh. D'iarr sé ar an Rialtas, i rith Uachtaránacht an AE, tacaíocht a thabhairt don fheachtas do aitheantas oifigiúil oibre don Gaeilge. Leis an Teachta Ó Snodaigh, bhí trí iarrthóirí don Rialtas Áitiúil -- Seán Ó Cadhla, Áine Ní Gabhann agus Ciarán MacAnnraoi - ag plé ábhair atá tábhachtach ar son na Gaeilge.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:

'Tá fiche gcinn de theangacha oifigiúla oibre ag an Aontas Eorpach. Níl an Ghaeilge ina measc. Glacadh le naoi gcinn de theangacha úra ar an chéad lá de Bhealtaine i mbliana nuair a tháinig na tíortha breise isteach san Aontas. Arís, ní rabh an Ghaeilge san áireamh.

'Faoi láthair, tugtar 'stádas conartha' ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, is é sin, go ndéantar aistriúchán ar chóipeanna de na gconarthaí, mar shampla, Conradh Nice. Ina theannta sin, freagraítear as Gaeilge comhfhreagras ar bith a dhéantar as Gaeilge leis an Aontas Eorpach. Ní chuirtear ar fáil as Gaeilge, áfach, an reachtaíocht nó an dlí.

'Nuair a bhronntar stádas oifigiúil oibre ar an Ghaeilge, beidh lucht na Gaeilge - idir labhairt agus scríobh - ar bhonn cothrom le hEorpaigh eile agus cuideoidh sé le fás agus forbairt na teanga ina hiomlán. Cuideoidh sé, fosta, le haitheantas iomlán na Gaeilge sna Sé Chontae, áit a bhfuil deacrachtaí agus cur-i-gcoinne á bhfulaingt aici ar bhonn rialtas agus ar bhonn reachtúil.

Ní éileamh teibí é seo. Sé 'tá i gceist anseo ná cothromacht a fháil do lucht na Gaeilge agus sláinte na teanga a chaomhnú dóibh siúd atá fós le teacht. Ba mhór an buntáiste a bheadh ann do pháistí cosúil leo siúd atá anseo inniu, dá mbronnfaí aitheantas iomlán ar an Ghaeilge laistigh den Aontas Eorpach.

Tá sé in am don Taoiseach, Bertie Ahern, ceist an aitheantais sin a chur os comhair an Aontais. Níl bac ar bith eile ann. DEIREADH

Connect with Sinn Féin