Sinn Féin - On Your Side

Seasamh scanallach an Rialtais ar stadas

6 July, 2004


Dúirt Ceannaire Dála Shinn Féin Caoimhghín Ó Caoláin gur scanallach an rud é nár iarr an Rialtas ar an AE stadas iomlán a thabhairt don Ghaeilge le linn a uachtarántacht. D'admhaigh an Taoiseach sa Dáil inniu go raibh an Rialtas fós ag macnamh ar cén saghas stadas don Ghaeilge a iarrfadh siad ar an AE. Dúirt Ó Caoláin:

"Tá seasamh an Rialtais ar an gceist seo scanallach. Níl na ballstáit eile ag dul inár gcoinne do stadas iomlán, nó má tá níl sé ráite go hoscailte acu. Níl leath-bhealach idir stadas na Gaeilge mar atá sí faoi láthair agus stadas iomlán. Ba chóir don Taoiseach éisteacht le guth an phobail. Céim ar aghaidh don Ghaeilge sa tír seo agus san Eoraip a bheadh anseo. Ár bhféinmheas mar náisiún atá i gceist. "

Connect with Sinn Féin