Sinn Féin - On Your Side

.

15 July, 2004


D'fháiltigh feisire na hEorpa Sinn Féinach Bairbre de Brún roimh an scéal go lorgóidh Rialtas na hÉireann stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge san AE.

Arsa Iníon de Brún:

Bhí mé in ann an Ghaeilge a úsáid i dTionól Stormant agus mar Aire Sláinte de bharr na socruithe a deineadh le Comhaontas Aoine an Chéasta. Tá mé ag iarraidh leanstan le sin agus an Ghaeilge a úsáid sna institiúidí Eorpach.

Tá sé de rún agam labhairt i nGaeilge le linn céad seisiúin na Parliminte i Strasbourg an seachtain seo chugainn. Níl sin éasca faoi láthair de thairbhe nach bhfuil an stádas cuí ag an teanga.

Bhí an-díoma ar lucht labhartha na Gaeilge anseo nar lorg Rialtas na hÉireann stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge le linn uachtarántacht na hÉireann ar an AE. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil an Rialtas chun an stádas a lorg anois.

Tréaslaím le gach éinne atá bainte leis an an brú-ghrúpa STÁDAS as ucht an éacht atá déanta acu. Is mar thoradh an an obair sin gan dabht go bhfuil Rialtas na hÉireann chun gniomhú."Críoch

Connect with Sinn Féin