Sinn Féin - On Your Side

Cá bhfuil colún Gaeilge an RTÉ Guide?

19 August, 2004


Dúirt úrlabhraí Gaeilge Sinn Féin Aengus Ó Snodaigh inniu go raibh sé "scannalach" nach raibh aon colún Gaeilge anois san RTÉ Guide tar éis na blianta fada. Bhí colúnaí ann i gcónaí go dtí an Gheimhreadh seo caite.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh:

"Bhain a lán daoine taitneamh as an colún Gaeilge a bhíodh san RTÉ Guide le tamall fada agus nuair a chríochnaigh an iriseoir sin (Pearse Hutchinson) an bhliain seo caite, gheall an eagarthóir go mbeadh colún Gaelach eile chomh tapaidh agus a bheadh siad in ann colúnaí eile a fháil. Breis is naoi mí níos déanaí níl aon colúnaí nua aimsithe acu.

"'Sé an RTÉ Guide an iris is mó a dhíol gach seachtain in Éirinn agus ba chóir go mbeadh ar a laghad colún amháin as Gaeilge ann. Níl sé chomh deacair sin teacht ar Ghaeilgeoirí cumasach chun an colún seachtainiúl, nó fiú breis, a scríobh.

Tá sé scannallach go bhfuil eagras stát bheith ag loic ar ár dteanga náisiúnta mar seo, in áit bheith chun tosaigh ag léiriú do na heagrais stáit eile go bhfuil tábhacht leis an Ghaeilge, go bhfuil tacaíocht á thabhairt do Ghaeilgeoirí agus do fhoghlaimeoirí mar aon. Shíl mé go raibh sean ré frith-Ghaeilge RTÉ thart, ach de réir cosúlacht is ann dó fós. Impím ar an eagarthóír beart a dhéanamh de réir a bhriathar, ach, muna ndéanann, beidh mé ag ardú na ceiste seo leis an Aire Gaeltachta agus leis an Aire Craolacháin. DEIREADH

Connect with Sinn Féin