Sinn Féin - On Your Side

Bás i ndán don Ghaeltacht gan gníomhacht ó Rialtas na hÉireann - Mac Ádhaimh

4 October, 2014 - by Gerry Adams TD


Dúirt Uachtarán Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh TD go gcaithfidh an rialtas ó dheas gníomhú go luath nó beidh deireadh leis an Ghaeltacht. Bhí sé ag caint inniu ag Slógadh Shinn Féin i nDoire Cholmcille.

Dúirt Gearóid Mac Ádhaimh:

“Deir na saineolaithe go dtiocfaidh deireadh leis an Ghaeltacht laistigh de thríocha bliain mura ndéanfar gníomh go luath. Tá an rialtas ag déanamh an méid is lú a chaithfidh siad a dhéanamh, agus tá i bhfad níos mó de dhíth ar an Ghaeilge.”

Agus mhol Gearóid Mac Ádhaimh obair an iarchoimisinéara teanga Seán Ó Curreáin agus gheall sé tacaíocht Shinn Féin dá chomharba Rónán Ó Domhnaill. Mhol sé fosta an obair atá déanta ag Caral Ní Chuillinn leis an fheachtas Líofa agus obair Aire Oideachais an Tuaiscirt John O'Dowd a bhfuil tacaíocht láidir tugtha aige don earnáil Gaeloideachais.

Dúirt sé:

“I mbliana bhí ar an Choimisinéir Teanga éirí as a phost. Gúimid gach rath ar Sheán Ó Cuirreáin agus aontaíonn sinn go huile is go hiomlán leis an léargas a bhí aige ar theipeadh an rialtais i leith na Gaeilge.

“Guím gach rath ar Rónán Ó Domhnaill fosta agus gheobhaidh sé gach tacaíocht sa ról nua seo ó Shinn Féin".

"Tagann Sinn Féin le dearcadh an iar-choimisinéara – nach bhfuil an rialtas ag freastal ar phobal na Gaeilge. Leanfaidh Sinn Féin ar aghaidh ag gníomhú ar son na Gaeilge ar fud an oileáin."

"Maidir le hAcht na Gaeilge sna Sé Chontae, scríobh mé chuig an Taoiseach agus Príomh-Aire na Breataine le déanaí i gcomhthéacs na gcomchainteanna a bheidh á reachtáil go luath, ag dearbhú go gcaithfear dul i ngleic le gach cuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na comhaontuithe eile – Acht na Gaeilge san áireamh.

Ag tagairt don chonspóid leanúnach ar an fhothoghchán don tSeanad dúirt Gearóid Mac Ádhaimh.

“Tá an rialtas agus An Taoiseach, ach go háirithe, i ndiaidh ula mhagaidh a dhéanamh den fhothoghchán don tSeanad.

“Seafóid atá i gcinneadh cheannairí Pháirtí an Lucht Oibre vótáil ar son John McNulty in ainneoin a iarratais féin, iarratas atá An Taoiseach ag tacaíocht leis, nár choir do dhuine ar bith vótáil dó.  

“Tá prácás déanta ag An Taoiseach nach dtiocfadh le Flann O’Brien a shárú.”

Connect with Sinn Féin