Sinn Féin - On Your Side

Chur praghas ar chlár cainteanna fóram mairteola – Ní Riada

11 November, 2014 - by Liadh Ní Riada MEP


Ag labhairt ó Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil inniu, d'éiligh an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada ar an tAire Simon Coveney beart de réir a bhriathar, agus crioscaíl a dhéanamh chun cabhrú le feirmeoirí atá i mbunc maidir leis an bpraghas íseal do mhairteol.

“Agus feirmeoirír i mbun agóide arís don dara uair is maith an rud é domhsa an t-aontacht atá i measc an phobail tuaithe agus i measc feirmeoirí a fheiceál, maraon leis an tacaíocht leathan atá ann dá bhfeachtas.

“Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn atá bainte amach ag an IFA agus an ICSA i dtaobh sonrúcháin san idirbheartaíocht is déanaí leis na monarchana feola. É sin ráite tá níos mó ná sonrúchán le phléigh. Tá sé riachtanach go mbeidh praghas mas ábhar lárnach i gcainteanna idir feirmeoirí agus tairgeoírí móra. Éilím ar an tAire Coveney an chlár a leathnú agus filleadh ar phraghasanna margadh a chuir ar an gclár don fóram mairteola amárach.

“Ní féidir le feirmeoirí obair go deonach, agus ní chóir dóibh a n-ainmhithe a dhíoladh ar chailliúnt. Táimíd go léir thar a bheith bródúil as ár n-earnáil feirmeoireachta. Tá mé ag súil le roinnt gníomhaíocht ón rialtas ar an ábhar seo.

Connect with Sinn Féin