Airí ag tarraingt na gcos maidir le cur i bhfeidhm moltaí tuarascála do na hOileáin – Ó Clochartaigh
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara ag tarraingt na gcos maidir le cur i bhfeidhm moltaí an Chomhchoiste Oireachtais a thacódh le pobail oileánda agus tuaithe ar fud an chosta, dar le Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.
Bhi Seanadóir na Gaillimhe ag labhairt tar éis cloisteáíl ó ionadaithe ón Eagraíocht Acmhainní Mara Oileánda a bhí os comhair an Fhochoiste Oireachtais ar Iascaireacht.
Deir sé:
‘Is píosa praiticiúil agus luachmhar oibre atá i dtuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais maidir le Cur Chun Cinn Pobail Inmharthanach Cósta agus Oileánda, a seoladh i mí Feabhra 2014. Ach, is beag gníomhaíocht atá feicthe againn ón Aire Coveney agus a chomhleacaithe ar na moltai a shonraítear ann, ó shoin.
‘Tá a gcion féin déanta ag na geallsealbhóirí a thug fianaise ós comhair an chomhchoiste roimhe seo chun teacht le chéile mar ghrúpa comhtháite ionadaíoch, chun oibriú leis an roinn agus áisíneachtaí eile leis na moltaí a chur i bhfeidhm. Faraor, níl an rialtas chomh gníomhach céanna agus iad ag cur a gcuid dualgais féin i gcrích.
‘Léirigh an tuarascáil gníomhaíochtaí gur chóir do na hAirí talmhaíochta, Bia & Iascaigh, Coimirce Sóisialaí, Iompar, Fostaíocht agus Comhshaoil tabhairt futhu. Ach is beag fianaise atá ann go bhfuil aon dul chun cinn déanta.
‘Caithfidh an tAire Coveney ceannasaíocht a ghlacadh chun cinntiú go gcuirtear moltaí I bhfeidhm maidir le ceadúnais oidhreachta, athroinnt cuótaí, muirshaothrú, tacaíochtaí tionsclaíoch agus miosúir eile gur gá a fhorbairt agus a chur in áit chun inmharthanacht na bpobail cois chósta agus ar na h-oileáin a chinntiú.
‘D’iarr mé go dtabharfaí státseirbhísígh atá ag forbairt na dtreoirlinte ós comhair an chomhchoiste chomh maith le míniú cén chaoi a gcuirfear an Chiste Eorpach Mara agus Iascaireachta in oiriúint chun moltaí na tuarascála a fheidhmiú.
‘Iarrfar ar na rannai rialtais tuairisc a thabhairt freisin ar an gcaoi atá siad ag oibriú chun moltaí na tuarascála a bhaint amach.
‘D’aontaigh an chomhchoiste le mo mholadh freisin go scríobhfaí ag an Aire Comhshaoil chun tacú le h-éileamh Comhar na nOileán go bhfagfáí astú féin iad mar a bhí roimhe seo, leis an gclár LEADER a roinnt amach ar na h-oileáin’.