Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh McHugh gníomhú ar mholtaí comhchoiste - Ó Clochartaigh

24 February, 2015


Caithfidh an tAire Gaeltachta, Joe McHugh, na moltaí sa tuairisc ón bhfochoiste Gaeilge san Oireachtas a chur i bhfeidhm mar is ceart, nó an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chaitheamh i dtraipisí, a deir urlabhraí Shinn Féin ar an nGaeilge, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Ag cur fáilte roimh an tuarascáil a seoladh inniu, deir an Seanadóir:

'Fáiltím roimh an tuarascáil seo a théann píosa fada chun na moltaí a rinne pobal na Gaeilge, na h-eagraíochtaí agus páirtithe leasmhara eile a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach go bhfuil tacaíocht traspháirtí ag na moltaí seo chomh maith.

'Léiríonn siad láidriú tré chéile ar an Acht mar atá, ní lagú - mar a bhí le sonrú ó na cinn bhille a d’fhoilsigh an rialtas féin.

'Aithníonn na moltaí an obair thábhachtach atá ar bun ag an gCoimisinéir Teanga agus féachann le cur leis an ról sin go mór i bhfeidhmiú an Achta.

'B'fhearr le Sinn Féin go mbeadh na moltaí imithe rud beag níos faide agus sílim go mbeidh orainn filleadh ach go h-áirithe ar an díospóireacht maidir le córas rialachán a chur i bhfeidhm in ionad na scéimeanna teanga atá ann i láthair na h-uaire.

'Ach, ni fiú tráithnín na moltaí seo muna mbeidh an rialtas, na ranna agus na h-eagraíochtaí stáit sásta iad a thógáil ar bord agus a fheidhmiú. Caithfidh an tAire sin a dheimhniú sa reachtaíocht ar dtús agus ansin caithfear an reachtaíocht a chur i bhfeidhm mar is ceart.'

Connect with Sinn Féin