Sinn Féin - On Your Side

Chuidigh polasaithe an Rialtais le daoine a dteach a chailliúint – Gearóid Mac Adhaimh

11 March, 2015 - by Gerry Adams TD


Cháin Uachtaráin Shinn Féin Gearóid Mac Ádhaimh polasaithe an rialtas maidir le athshealbhú tithe inniu. Dúirt an Teachta Mac Ádhaimh go raibh ardú mór tagtha ar an méid daoine atá i mbaol a dteach a chailliúint leis na blianta beaga anuas.

Ag labhairt le linn Cheisteanna na gCeannaire dúirt sé:

 “Nuair a tháinig Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht gheall tú tabhairt faoin ghéarchéim morgáistí. Ach cosúil le géarchéim fiacha an Stáit, theip ort go dona.

“Deir an Banc Ceannais go bhfuil 37,404 teach atá i bhfiacha go dona agus atá faoi bhrú an dlí anois. I mo dháilcheantar féin tá na bainc ag iarraidh 249 teach a bhaint ó theaghlaigh. Nuair a tháinig na figiúirí amach ar dtús i mí Mheán Fómhair 2012, ní raibh ach 20,000 i gceist.

“Ní ionann scéal an rialtais agus na scéalta faoi daoine ag cailliúint a dteach agus faoi bhrú ag na bainc – na bainc céanna ar thug muid uilligh airgead dóibh. Agus rinne an Rialtas an praiseach seo. Chuidigh an Rialtas le daoine agus teaghlaigh ag cailliúint a dteach lena bpolasaithe.

“A Thaoisigh tá ceithre bliana imithe, gan rud ar bith dearfach déanta ag do Rialtas faoi seo. Creideann grúpaí cosúil le New Beginnings agus IMHO go bhféadfadh 25,000 cás os comhair na gcúirteanna mura ndéanfar rud.

“Ní ceart go dtarlóidh seo. Deir an tAire Comhshaoil Alan Kelly go gcaithfear reachtaíocht an Rialtais maidir le dócmhainneacht a athrú. Dúirt sé go gcaithfear brú a chur ar na bainc a bheith páirteach in imeachtaí dócmhainneachta agus go gcaithfidh an Rialtas rud a dhéanamh.

“Tá sé an-soiléir go gceapann na bainc gur féidir leo faic a dhéanamh mar nach bhfuil on chosaint reachtaíochta ann do theaghlaigh.  An bhfuil sé ar intinn agat a Thaoisigh an reachtaíocht dócmhainneachta a leasú agus cathain a tharlóidh seo?

“An mbainfidh tú an veto ó na bainc agus cosaint níos mó a thabhairt do theaghlaigh?”

Connect with Sinn Féin