Sinn Féin - On Your Side

Níl ach 12 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail – Tóibín

12 March, 2015 - by Peadar Tóibín TD


Labhair Teachta Shinn Féin Peadar Tóibín ar an mBille um Thrácht ar Bhóithre a chuir sé os comhair na Dála inniu. Is é aidhm an Bhille ná an t-Acht um Thrácht ar Bhóithre a leasú, chun socrú a dhéanamh maidir le comharthaí bóthair dhátheangacha.

Dúirt an Teachta Tóibín;

“Níl ach míle páiste le Gaeilge ón gcliabhán sa Ghaeltacht atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Dar leis an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2007, ní raibh ach 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar teanga phobail sa Ghaeltacht. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach 12 bliain fágtha ag an teanga anois.

“Bliain i ndiaidh bliana tá stádas na teanga ag ísliú de bharr pholasaí an rialtais. Ní raibh an rialtas sásta Aire le Gaeilge a roghnú, ní raibh an rialtas sásta Gaeilge a bheith lárnach i gComóradh 1916, ní raibh siad sásta fáil réidh leis an maolú teanga san Eoraip. Scrios an rialtas an daonlathas a bhí ag baint le hÚdarás na Gaeltachta agus scrios siad buiséad an Údaráis freisin.

“Breathnaigh ar an méid a dúirt Seán Ó Cuireáin nuair a d’éirigh sé as a phost.  Dúirt sé go raibh an stát ag déanamh iarrachta an teanga a imeallú. Le ceithre bliana anuas scrios Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre beagnach gach tacaíocht a bhí ag an nGaeltacht. Nuair a thugann tú gach rud san áireamh feiceann tú gur ceann de na rudaí atá déanta ag an rialtas ná stádas na teanga a ísliú.  

“Tugann an Bille seo deis don rialtas rud dearfach a dhéanamh ar son na teanga. Rud saor in aisce nach bhfuil costas ar bith ag baint leis in aon chor. Is é sin comhionannas a thabhairt don Ghaeilge ar Chomharthaí Bóthair timpeall na tíre.

“Ní rud nua é seo. Sna tíortha dátheangacha eile úsáideann siad Comharthaí Bóthair leis an gcló ar an méid céanna. Seo mar a bhíonn san Fhionlainn, sa Bhreatain Bheag, san Albain, sa Bheilg, agus i gCeanada.

“Thug an t-iar-Aire Iompair tacaíocht don chur chuige seo agus gheall go gcuireadh sé scéim píolóta i bhfeidhm. Dúirt Leo Varadkar go ba cheart go mbeadh comhionannas idir an dá theanga go háirithe i gcás rudaí atá sofheicthe cosúil le comharthaí bóthair.

“Iarraim go láidir ort a Aire, ná breathnaigh ar an mBille as súile diúltacha, ach triail air le haigne oscailte. Cuir do chuid fuinnimh taobh thiar den Bille seo agus fág oidhreacht dhearfach ar son na Gaeilge i do dhiaidh.”

Connect with Sinn Féin