Sinn Féin - On Your Side

Díomá ar Ó Clochartaigh de bharr easpa maoiniú ar Scéim Bóithre Pobail sa Ghaeltacht

25 March, 2015


Léirigh an Seanadóir le Sinn Féin Trevor Ó Clochartaigh a chuid díomá maidir le ráiteas an Aire Joe McHugh nach mbeidh aon mhaoiniú ar fáil do Scéim Bóithre Pobail sa Ghaeltacht. Chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh ceist ar an Aire maidir leis an scéim sa Seanad inniu.

Deir Ó Clochartaigh:

“Tá díomá orm nach mbeidh an tAire le freagrachtaí Gaeltachta, Joe McHugh, ag cur aon mhaoiniú ar fáil do Scéim Bóithre Pobail sa Ghaeltacht.

“D'ardaigh mé an cheist leis i gcomthéacs bóithre pobail, portaigh, cladaigh, chuig céibheanna & reiligeacha.

“Is cosúil nach bhfeiceann an tAire dualgas a bheith ar Roinn na Gaeltachta maidir leis na h-áiseanna pobail seo a choinneáil i gcaoi mhaith chun rochtain ceart a thabhairt do na pobail sin agus daoine a choinneáil sna ceantair.

“Tuigeann sé an luach a bhaineann leo ó thaobh na h-eacnamaíochta agus turasóireachta, deir sé áfach agus ardóidh sé an scéal leis an Aire Donoghue féachaint an mbeadh aon tacaíocht le fáil óna Roinn siúd.

“Is gá dó breathnú chuige go gcinnteofar go mbeadh caoi mhaith ar bhóithre sa Ghaeltacht, ceann de na dualgais is bunúsaí a thiteann ar an rialtas."

Connect with Sinn Féin