Sinn Féin - On Your Side

Ba chóir don Rialtas sampla na Breataine Bige i leith cearta teanga a leanúint – Ó Clochartaigh

13 May, 2015


Ba chóir don rialtas sampla na Breataine Bige a leanúint mar dheachleachtais ó thaobh seirbhísí i nGaeilge a chuir ar fáil don phobal, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Dúirt sé an méid seo tar éis dó cuairt a thabhairt ar Chomhthionóil na Breataine Bige agus i ndiaidh plé a dhéanamh ar chearta teanga le Coimisinéir Teanga na tíre sin.

Deir urlabhraí Gaeilge & Gaeltachta Shinn Féin:

‘Tá daonra na Breataine Bige níos lú ná daonra na tíre seo agus cúrsaí eacnamaíochta lag go leor ann, ach is léir go bhfuil tiomantas an stáit dá dteanga náisiúnta i bhfad níos treise ná atá in Éirinn.

‘Thug mé cuairt ar ‘Senedd’, nó Parlaimint na Breataine Bige ansin inné mar chuid de mo chuid dualgais mar bhall Oireachtais. Bhí Breatnais le cloisteáil i chuile ghné d’obair an Chomhthionóil. Tá Breatnais ag gach duine atá ag déileáil le seirbhísí túslíne don phobal ann, foilseacháin agus seirbhísí le fáil ann go h-iomlán dhátheangach.

‘Úsáidtear Breatnais go rialta in institiúid agus gnáth obair na Parlaiminte agus córas athghuthaithe ar fáil do gach duine, an pobal féachana sa ngailearaí chomh maith.

‘Déantar leagan dhátheangach do na taifid ar fad, cáipéisíocht agus eile, fiú an méid a deirtear i mBéarla sna díospóireachtaí bíonn sé le fáil i mBreatnais sna tuairiscí oifigiúla ar fad lá arna mhárach.

‘Bíonn na seirbhísí céanna ar fáil sna coistí - gan cheist, gan choinníoll chomh maith. Agus is mar sin is cóir dó a bheith. Cuirtear bac ormsa labhairt i nGaeilge sna comhchoistí Oireachtais an chuid is mó den am.

‘Níor chreid feisirí Parlaiminte na Breataine Bige, ná foireann an comhthionóil nach raibh an tsoláthar céanna againne i dTithe an Oireachtais is atá acu féin, ach córas i bhfad níos bunúsaí.

‘Tá ag éirí go h-an-mhaith le Coimisinéir Teanga na Breataine Bige an reachtaíocht teanga a chuir i bhfeidhm ansin chomh maith, de bharr go bhfuil tosaíocht i bhfad níos treise ag an Rialtas agus na h-áisíneachtaí stáit ansin dá dualgais comhionannas teanga tré chéile.

‘Cuidíonn sé freisin go bhfuil i bhfad níos mó d’fhoireann aici ná atá tugtha do Choimisinéir Teanga s’againn féin. Tá 47 duine ag Meri Huws, trasna trí rannóg ina h-oifig, i gcomparáid le cúigear ag Rónán Ó Domhnaill. Rud dar léi, a chuidíonn chun deáchleachtas polasaithe Breatnaise a spreagadh seachas an iomarca béime a bheith ar phóilíneacht teanga.

‘Caithfidh Rialtas na hÉireann aghaidh dáiríre a thabhairt ar chearta teanga na saoránach. B’fhiú dóibh sampla na Breataine Bige a leanúint mar eiseamláir. Ach, i dtosach báire caithfidh siad seasamh le cearta reachtúla, treoir a thabhairt do na h-áisíneachtaí stáit tacú i ndáiríre le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus acmhainní agus foireann cuí a sholáthar le freastal ar an bpobal.

‘Ba chóir do Rialtas Westminster na cearta agus tacaíocht céanna a thabhairt maidir le cearta teanga do Ghaeilgeoirí sna sé chontae is a thugann siad do lucht na Breatnaise chomh maith.’

Connect with Sinn Féin