Sinn Féin - On Your Side

Prince Charles meeting shows commitment to developing national reconciliation – Ó Clochartaigh

19 May, 2015


Deir Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, go n-eascraíonn an cruinniú atá beartaithe i nGaillimh idir Gerry Adams, Martin Mc Guinness agus an Prionsa Seárlas as tiomantas Shinn Féin chun athmhuintearas náisiúnta a bhaint amach.  

Deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

‘Ar an Satharn chinn Ard Chomhairle an pháirtí go bhfreastalódh ionadaithe Shinn Féin ar ócáidí mar chuid de chuairt an Phrionsa Seárlas ar Éirinn.

‘Tá an cruinniú seo beartaithe mar bheartas siombalach agus substaintiúil chun athmhuintearas a fhorbairt agus mar chuid den phróiseas athshlánaithe.  

‘Tá sé bunaithe ar an réalachas gur tharla pian agus fulaingt ar chuile thaobh, agus go gcaithfear an caillteanas a bhraitear ar gach taobh a aithint ar bhonn cothromaíochta agus le h-ómós dá chéile.

‘Tá cothrom na féinne agus an fhírinne do chuile íospartach agus dá gclanna fós mar ghné lárnach do bhogadh chun cinn an Phróiseas Síochána, go h-áirithe na feachtais agus na clanna ar fad a bhfuil seo ceilte orthu go dáta.’

Connect with Sinn Féin