Sinn Féin - On Your Side

Déan dearmad ar na méadair agus athraigh na píopaí luaidhe ina áit – Ó Clochartaigh

12 June, 2015


Tá Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh ag impí ar an Aire Comhshaoil Alan Kelly treoir a thabhairt do Uisce Éireann deireadh a chuir leis na méadair uisce agus na h-acmhainní a úsáid ina ionad sin le píopaí luaidhe a athrú.

Ag labhairt do inniu deir Seanadóir Ghaillimh Thiar/Maigh Eo Theas:

‘D’fhéadfaí an t-airgead atá dhá chuir amú ag Uisce Éireann a úsáid i bhfad níos fearr chun na píopaí marfacha luaidhe a thógáil amach. Má tá an Rialtas i ndáiríre faoin imní atá orthu maidir le sláinte daoine sin an rud is cóir dóibh a bheith ag déanamh.

‘Ba chóir iniúchadh a dhéanamh sna h-údaráis áitiúla ar fad le fáil amach cé mhéad teach a bhfuil na píopaí seo iontu. Ba chóir go mbeadh tuairim mhaith ag na h-oifigí pleanála agus ba chóir na píopaí a athrú mar ábhar práinne.

‘Meastar go bhfuil suas le trí mhíle teach i gCathair na Gaillimhe amháin atá sa staid seo. Ní mhór na figiúir seo a dheimhniú trasna na tire agus ní theastaíonn méadair chuige sin.

‘Fiú dá n-aontódh Sinn Féin le polasaí méadair tí an Rialtais, agus ní aontaionn, admhaíonn an Rialtas iad féin nach gá méadair a bheith ar thithe go ceann roinnt blianta mar go mbeidh billí caighdeánacha dhá chuir amach chuig daoine. Ba chóir go mbeadh soláthar uisce glan, inólta mar an phríomh sprioc acu ag an bpointe seo.

‘Caithfidh an tAire Kelly tacú le chuile theaghlach gur gá dóibh na píopaí seo a athrú. Tá an t-uafás daoine nach bhfuil in acmhainn seo a dhéanamh iad féin de bharr go bhfuil an oiread brú orthu cheana féin ó thaobh costais maireachtála di – agus i bhformhór na gcásanna ní raibh siad fiú ar an eolas go bhfuil na píopaí seo ina dtithe acu.

‘Tá sé in am ag an Aire deireadh a chuir leis na méadair agus an luaidhe a bhaint amach!’.

Connect with Sinn Féin