Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh Teachtaí Dála na Gaillimhe stop a chuir le ciorruithe Tuismitheoirí Aonair - Ó Clochartaigh

30 June, 2015


Tá iarrtha ag Trevor Ó Clochartaigh ar pholaiteoirí Ghaillimh Thiar/Maigh Eo Theas tacú le díospóireacht gnó phríobháideach Shinn Féin sa Dáil an tseachtain seo a chuirfeadh deireadh leis na ciorruithe ar íocaíochtaí do thuismitheoirí aonair atá beartaithe ag an rialtas. 

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh:

“Caithfidh Seán Kyne, Derek Nolan, Brian Walsh agus John O’Mahony seasamh le Sinn Féin chun cinntiú nach gcuirtear na ciorruithe seo i bhfeidhm. 

“Gheall Joan Burton do thuismitheoirí aonair go mbeadh córas cúram leanaí ar chomhchaighdeán le cur chuige na dtíortha Lochlannacha sula dtabharfaí na ciorruithe seo isteach. Níor tharla sin, mar sin níor chóir go dtarlódh na ciorruithe. 

“Tá fhios againn go bhfuil an seans faoi dhó níos airde ann go mbeadh clanna Tuismitheoirí Aonair i mbaol bochtanas leanúnach. Tá fhios againn go ruaigfidh na ciorruithe seo chuid mhaith tuismitheoirí aonair amach as an bhfórsa oibre, mar nach mbeidh de rogha acu ach fanacht sa mbaile le h-aire a thabhairt da bpáistí. Níl sé sin faireálta agus ní féidir glacadh leis.  

“Tá na ciorruithe seo damanta, tá siad mí-chóir agus buailfidh siad cuid de na clanna is leochailí a chónaíonn sa stát seo ag am nuair atá muid in ainm is a bheith ag tabhairt an t-aire céanna do phaistí uile na tíre. Caithfear stop a chuir leis na ciorruithe seo, dá bhrí sin tá muid ag iarraidh ar na Teachtaí Dála ar fad tacú le Bille Ghnó Phríobháideach Shinn Féin sa Dáil an tseachtain seo chun cinntiú go ndéantar sin."

Connect with Sinn Féin