Sinn Féin - On Your Side

Ó Clochartaigh ag cur brú ar Fheisirí na Breataine faoi chearta Diaspóra

2 July, 2015


Tá urlabhraí Diaspóra Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, tar éis a bheith ag stocaireacht le feisirí parlaiminte i Westminster maidir le cearta na n-inimirceach Éireannach.

Ag labhairt dó inniu as Londain deir sé:

‘Chas mé le feisirí ó chuile pháirtí polaitiúil i Westminster – an Lucht Oibre, na Caomhaigh, SNP agus eile agus d’ardaigh mé riachtanais pobal na hÉireann sa Bhreatain leo.

‘Tá sé soiléir domsa go bhfuil dúshlán shuntasacha roimh pobal na hÉireann sa Bhreatain. Ceann de na cinn is suntasaí a fheictear dom ná ciorruithe déine na dTóraithe, a dhéanfaidh ionsaí ar sheirbhísí sóisialta agus pobail trasna na tíre. Tá imní chomh maith ar ghrúpaí sibhialta agus iad siúd a thacaíonn leis na Gaeil sa Bhreatain maidir le tacaíocht leanúnach ó rialtas na gCaomhach amach anseo.  

‘Tá bacanna soiléire roimhe Éireannaigh atá ag iarraidh teacht abhaile chomh maith agus labhair ceannairí ceardchumainn, ionadaithe pobail agus sibhialta fúthu sin liom freisin. Áirítear anseo fáil ar thithíocht, tacaíochtaí sóisialta, chomh maith le deacrachtaí le rudaí praiticiúla ar nós cuntais bainc a oscailt, árachas sláinte agus gluaisteáin a ghlacadh agus rochtain ar oideachas dá gclanna.

'Go h-áird ar liosta na n-éileamh freisin dar ndóigh tá cearta vótála don diaspóra agus ionadaíocht inár institiúid pholaitiúla. Tá rialtas s’againne ag déanamh cuid mhaith cainte faoi seo, ach tá an dul chun cinn thar a bheith mall agus tá muintir na hÉireann sa Bhreatain ag léiriú a gcuid frustrachas ina leith seo liom.

‘Bhí Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas i láthair ag ócáid a d’eagraigh Feisirí Parlaiminte Shinn Féin – Pat Doherty, Paul Maskey, Francie Molloy agus Micky Brady, le Leas Chéad Aire an Tuaisceart, Martin McGuinness inár thug seisean léargas ar an tsáinn dáiríre ina bhfuil an phróiseas pholaitiúil ó thuaidh agus na h-impleachtaí damanta a bheidh ag polasaithe déine rialtas na Breataine ar na h-institiúid pholaitiúla agus an phróiseas síochána ansin má leantar leo.’

Cur síos ar phic:

An Seanadoir Trevor Ó Clochartaigh i gcuideachta Aonghas Brianna McNill BP a dhéanann ionadaíocht ar na h-Eileana an Iar in Alban

Connect with Sinn Féin