Sinn Féin - On Your Side

Gníomh ar son iascairí ag teastáil seachas deá-chaint ón dTaoiseach – Ó Clochartaigh

6 July, 2015


‘Tá sé fánach an ag Taoiseach a bheith ag teacht ar thuras bolscaireachta go Ros a’Mhíl nuair atá polasaithe an rialtais ag díbirt iascairí áitiúla amach as an tionscal’, a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Deir urlabhraí Shinn Féin i nGaillimh Thiar/Maigh Eo theas an méid seo agus an Taoiseach le cuairt a thabhairt ar chalafort Ros a’Mhíl inniu:

‘Beidh cuid mhaith gealluntais réamhthoghcháin againn anois ón rialtas, ach nach maith nár tháinig sé ar chuairt go Ros a ‘Mhíl le cheithre bliana go leith?

‘Tá sé íorónach go bhfuil sé ag teacht anois agus bád eile, an Maggie C, dhá díol agus ag fágáil an chalafoirt an tseachtain seo agus iascairí go h-áitiúil ag fágáil an tionscal as éadan’.

‘Deireann na h-iascairí liomsa nach bhfuil siad ag fáil cothrom na féinne ón stát agus dá bharr sin gur beag iascaire óg atá ag teacht isteach sa tionscal agus cuid mhaith eile ag eirí as. Tá leatrom dhá dhéanamh orthu ó thaobh cuótaí, tonnáiste agus rialacháin di i gcomhthéacs na hEorpa.

‘Tá na pionóis choiriúla, ar gheall an rialtas seo go gcuirfí deire leo, fós ann agus muid ag déanamh coirpigh d’iascairí as faillí bheaga riaracháin a bheith déanta acu. Nil sé sin ceart na cóir agus ba chóir don dTaoiseach rud éicint a bheith déanta aige faoi seo.

‘Tá céibh bhreá nua in Inis Mór ach níl aon bhád iascaigh ag tarraingt suas inti mar gheall ar na táillí arda. Agus cé go mbíodh bunadh an oileán sin i mbun iascaireachta go traidisiúnta, níl ach beirt tagtha isteach sa tionscal sin as Inis Mór le blianta beaga anuas.

‘Nuair a imíonn bád ón gcalafort, imíonn cúig nó sé phost don dream a oibríonn uirthi freisin. Ach, imíonn na scórtha mílte euro sa bhliain a chaitheann siad sna siopaí áitiúla, bíonn an tsoláthar éisc do na monarchain laghdaithe, cailleann lucht deisithe eangaigh custaiméir eile agus bíonn impleachtaí tromchúiseacha aige don gcomharchumann agus an tionscal tré chéile chomh maith’.

‘Seachas a bheith ag teacht ag labhairt amach as an dá thaobh dhá bhéal, ba chóir don dTaoiseach rud éicint a dhéanamh faoi shlí bheatha na h-iascairí seo a shábháil agus iascairí óga, áitiúla a mhealladh isteach sa tionscal.’

Connect with Sinn Féin