Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an Rialtas níos mó a dhéanamh maidir le cás na n-imirceach Éireannach gan cáipéisíocht sna Stáit Aontaithe – Ó Clochartaigh

10 July, 2015


Tá fáilte curtha ag urlabhraí Diaspóra Shinn Féin, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, roimh mholtaí chun rialú a dhéanamh ar chás an scór míle imirceach atá in Éirinn gan cáipéisí cuí, ach caithfidh siad níos mó a dhéanamh freisin dó na mílte Éireannaigh atá sna Stáit Aontaithe gan pháipéir chearta.

Ag labhairt do inniú deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo theas:

‘Sílim gur céim dearfach chun cinn atá ann go bhfuil an Roinn Dlí & Comhionannas ag déanamh machnamh ar mholtaí ó Ionad Chearta na n-inimirceach in Éireann (MRCI) chun stádas ceart rialaithe a thabhairt d’inimircigh anseo, go leor acu a tháinig le víosaí cearta ach nach bhfuil cáipéisí bailí acu faoi láthair.  

‘D’fhéadfadh an rialtas a bheith ag déanamh níos mó áfach maidir le cás na n-inimirceach Éireannach neamhrialta thar sáile, sna Stáit Aontaithe ach go h-áirithe.

‘Tá molta ag lucht stocaireachta ar son na nÉireannach neamhrialaithe ar an rialtas cur chuige níos gníomhaí a thógáil le h-údaráis na Stáit Aontaithe ar an gceist seo.

‘Tá iarrtha ag grúpaí ar nós an Stocaireacht Éireannach ar son Athchóiriú Inimirce ar an rialtas soiléiriú a lorg freisin ó Ambasadóir na Stáit Aontaithe in Éireann, ar shíneadh scéim díolúine víosaí na Stáit Aontaithe, a chuirtear i bhfeidhm i dtíortha ar nós Meicsiceo, an Astráil agus an Iorua, a leathnú chuig na hÉireannaigh gan cháipéisí cuí.

'Tá gá freisin le gníomhaíocht leanúnach taidhleoireachta agus muid ag druidim le toghchán uachtaránachta, le polaiteoirí na Stáit Aontaithe, chun cinntiú go mbeidh cás na n-inimirceach Éireannach gan cáipéisí cuí tógtha ar bord ag polaiteoirí ó chuile thaobh.’

Connect with Sinn Féin