Sinn Féin - On Your Side

Baileoimís arís le hUisce Éireann a chur go tóin poill – Ó Clochartaigh

25 August, 2015


Tá Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh ag impí ar shaoránaigh na hÉireann bailiú arís ag an mhórshiúl ‘Right2Water’ ar an Satharn seo le hUisce Éireann a chuir go tóin poill ar deire thiar thall.

Ag labhairt dó inniu, deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

‘Tá sé soiléir go bhfuil straitéis an rialtais maidir le soláthar uisce ina phraiseach ar fad. Bhí an cur chuige a bhí acu ó thús, tosach go deire iomlán lochtach agus is údar gáíre a bheadh ann murach na milliúin euro atá curtha amú acu.

‘Séard a theastaíonn ónár gcuid saoránaithe ar fad ná córais uisce agus fuíolluisce a sholáthraíonn uisce le n-ól d’ardchaighdeán agus a dhéanann pleanáil d’ár gcuid riachtanais don todhchaí ar bhealach straitéiseach.

‘Séard atá faighte againn ón rialtas seo in Uisce Éireann ná ollphéist riaracháin, atá ag cur thar maoil le feidhmeannaithe ar thuarastail iomarcacha, a bhfuil na milliúin in airgead pobail curtha amú acu ar scéimeanna méadaraithe nach raibh gá leo agus a bhfuil tograí forbartha, tábhachtacha a bhí beartaithe caite sna fataí lofa acu.

‘Séard atá uainn ná go ndeiseofaí na píopaí pollta sa gcaoi nach gcuirtear a thuilleadh uisce amú. Séard atá uainn ná go gcuirfí píopaí nua in áit na bpíopaí luaidhe agus go mbeadh uisce inólta againn. Séard atá uainn ná go stopfaí ag cur séarachas amh amach sa bhfarraige agus sna srutháin agus go gcaomhnófaí an timpeallacht.

‘Tá an rialtas gar a bheith buailte maidir leis na h-ábhair seo agus ní mhór dúinn oiread daoine agus is féidir a bhailliú le chéile i mBaile Átha Cliath don mhórshiúil Right2Water ar an Satharn beag seo chun teachtaireacht láidir a thabhairt dóibh gur chóir deireadh a chuir le táillí uisce, go gcaithfidh an rialtas glacadh leis go bhfuil teipthe go h-iomlán ar an gcur chuige a ghlac siad agus gur chóir deireadh a chuir le hUisce Éireann anois.

‘Tá mé ag impí ar mhuintir an Iarthar anois a gcion féin a dhéanamh agus taisteal go Baile Átha Cliath le seasamh leis an bhfeachtas pobalbhunaithe Right2Water a raibh an oiread rath air go dtí seo.

‘Is féidir leat www.right2water.ie a sheiceáil le sonraí a fháil faoi bhusanna ó do cheantar féin.’

Connect with Sinn Féin