Sinn Féin - On Your Side

Méadair nua Uisce Éireann ag scaoileadh uisce agus ba chóir iad a bhaint amach – Ó Clochartaigh

8 September, 2015


Tá méadair nua atá feistithe ag Uisce Éireann i nGaillimh ag scaoileadh uisce le fána agus ba cheart iad a bhaint amach, a deir  Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó taréis cuairt a thabhairt ar roinnt agóidí frith-mhéadair sa gcathair inniu i gcuideachta an Chomhairleoir Anna Marley, deir sé:

“Thaispeán muintir na h-áite dhom go bhfuil méadair nua atá feistithe le déanaí ag scaoileadh go leor uisce le fána agus go bhfuil na poill ina bhfuil siad socruithe báite fliuch.

“Deir siad liom gur de bharr na seanphíopaí atá ann nach bhfuil in ann a bheith ceangailte go dlúth leis na méadair atá seo amhlaidh agus dá bharr sin go bhfuil go leor uisce ag sruthlú astu. Ní dheireann sé sin mórán faoi pholasaí ‘caomhnaithe uisce’ an rialtais, mar dhea.

“Léiríonn tastálacha atá dhá dhéanamh go leanúnach ar chaighdeán an uisce ar an Seantalamh freisin go bhfuil leibhéalacha contúirteacha luaidhe san uisce go leanúnach, rud atá ina ábhar mhór imní do mhuintir na h-áite. Fiú nuair atá daoine aonair i ndiaidh na seanphíopaí idir a gcuid tithe agus na méadair a athrú, tá rianta den luaidhe le fáil san uisce mar go bhfuil na príomhphíopai atá ag soláthar na sráideanna déanta as luaidhe freisin agus ní mór d’Uisce Éireann iad seo a bhaint amach.

“Ní iontas ar bith é mar sin go mbeadh muid ag feiceáil níos mó agóidí ar fud na cathrach, áit a bhfuil pobail go síochánta ag cur i gcoinne feistiú na méadair uisce.

“Léirígh an tslua maith as Gaillimh a d’fhreastal ar an agóid ollmhór a bhí ag Right2Water i mBaile Átha Cliath le déanaí go bhfuil daoine diongbháilte nach n-íocfaidh siad tuilleadh airgead sa bhreis ar an gcáin a íocann siad cheana féin ar uisce agus gur chóir don rialtas, fiú ag an bpoinnte seo, a gcinneadh a tharraingt siar.

“Tá geallúint daingean tugtha ag Sinn Féin go scriosfaidh muid na táillí uisce agus Uisce Éireann i ndiaidh an chéad olltoghchán eile agus tá muid ág iarraidh ar mhuintir na hÉíreann an oiread de thacaíocht agus is féidir a thabhairt dúinn le go mbeidh an t-údarás againn chun cinntiú go dtarlaíonn sé sin.” 

Connect with Sinn Féin