Sinn Féin - On Your Side

An Rialtais ag iarraidh na h-Oileáin a bhánú - Ó Clochartaigh

24 September, 2015


Tá urlabhraí tuaithe Shinn Féin, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag iarraidh soiléiriú maidir le polasaí oileánda an Rialtais.

Ag labhairt dó sa Seanad inniu deir sé:

'Ba mhaith liom fáil amach cén fáth an bhfuil an ionsaí leanúnach ar bun ag an rialtas seo in aghaidh na h-oileáin?

'Níl sa phraiseach atá ag tarlú maidir leis an tseirbhís aeir go hÁrainn ach gné amháin den scéal seo.

'Tá ciorruithe déanta ar sheirbhísí farantóireachta. Tá fadhbanna le soláthar ábhar oideachais - go h-áirithe maidir le múinteoirí i scoileanna cosúil le Scoil Náisiúnta Inis Meáin.

'Tá deacrachtaí rialta ann maidir le bun seirbhísí sláinte a sholáthar, gan trácht ar sheirbhísí speisialtóireachta teiripe agus tacaíochta.

'Tá an bonneagar socheacnamaíoch dhá scriosadh chomh maith agus an bonn dhá bhaint de Chomhar na nOileáin Teo.

'Tuigtear dom go bhfuil laghdú suntasach ar na h-acmhainní atá ar fáil do rannóg oileánda na roinne chomh maith - rud a thabharfadh le fios go bhfuil an bhéim ar chúrsaí oileánda ag dul i léig le blianta anois faoi scáth an rialtais seo.

'Tá díospóireacht faoi pholasaí oileánda ag teastáil go géar uainn leis an mheath seo a stopadh agus an chun an t-aitheantas agus tacaíocht cuí a thabhairt do na h-oileáin leis na pobail a choinneáil beo, bríomhar agus inmharthanach iontu ach ní léir go bhfuil an rialtas sásta a leithéad seo de dhíospóireacht a bheith acu.’

Connect with Sinn Féin