Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an tAire agus an bhainistíocht an 40 jab in Aer Árann a tharrtháil láithreach – Ó Clochartaigh

26 September, 2015


‘Cuirm fáilte roimh an gcinneadh atá glactha ar deire thiar ag an tAire Joe McHugh chun an tairiscint lochtach le seirbhís aeir go hÁrainn a chur ar fáil, a tharraingt siar, ach caithfidh sé gníomhú láithreach le h-úinéirí Aer Árann Islands chun an tseirbhís reatha a chinntiú do na míonna amach romhainn, chomh maith leis an dá scór post dóibh siúd atá fostaithe go díreach sa tseirbhís’, a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Deir urlabhraí Gaeilge & Galetachta Shinn Féín inniu:

‘Bhí an phróiséas tairisceana fabhtach ó thús agus ba chóir don Aire an cinneadh seo a bheith glactha aige seachtainí, nó fiú míonna ó shoin.

 ‘Tá fógra scoir, a thiocfaidh i bhfeidhm ar an gCéadaoin seo chugainn, faighte ag oibrithe in Aer Árann Islands, a chuireann an tseirbhís reatha ar fáil.

‘Tá mé ag impí anois ar úinéirí na comhlachta agus ar an Aire, dul i mbun comhráití láíthreach leis an tseirbhís sin agus na jabanna a théann leis a chinntiú ar feadh bliana ar a laghad, mar shocrú gearr thréimhseach.  Ansin, caithfidh muid inmharthanacht fadtéarmach na seirbhíse aeir go hÁrainn a dheimhniú chomh maith.  

‘Is mór an chreidiúint é do lucht an fheachtais as Árainn agus an pobal níos leithne a thacaigh leo, go bhfuil an tAIre taréis an droch chinneadh seo, a bheadh tubaisteach amach is amach, a chur ar ceall. Ach, an rud a chaithfear a dhéanamh anois ná seirbhís eitleáin, a bheidh dhá sholáthar as aerfort Chonamara, atá ar chomhchéím ar a laghad leis an tseirbhís reatha, a dheimhniú.  

‘Caithfidh na h-úinéirí agus an tAire oibriú le chéile le go dtarraingeofar siar na fógraí scoir láíthreach agus go dtugtar conradh cuí don chomhlacht Aer Árainn Islands leis an tseirbhís atá ann faoi láthair a choinneáíl ag imeacht fad is atáthar ag oibrú amach an phróiséas nua tairisceana.

‘Caithfidh an próiséas tairisceana nua riachtanais muintir Árainn, atá mar phríomh-úsáideoiri na seirbhíse aeir, a chur chun tosaigh ar bhealach fiúntach, seachas an cur chuige fabhtach a bhain leis an bpróiséas eile atá caite sna fataí lofa anois ag an Aire.

‘Ní chóir go mbeadh an scéal ligthe chomh fada leis seo beag ná mór agus caithfear dúshlán a thabhairt fós do na fórsaí atá ag iarraidh an tseirbhís aeir go hÁrainn a chur ó mhaith, sa gcaoi nach n-éireoidh leo an ceann is fearr a fháil ar bhealach éigin eile amach anseo ach an oiread agus an tseirbhís fíor-thabhachtach seo do phobal Arainn i gceist’.

Connect with Sinn Féin