Sinn Féin - On Your Side

369 teach folamh ag na h-údaráis áitiúla fad is atá na mílte ag fanacht ar liostaí feitheamh i nGaillimh & Maigh Eo – Ó Clochartaigh

29 September, 2015


Tá rún Dála ag Sinn Féin ag iarraidh ar an Rialtas dul i ngleic lena “teip tubaisteach ag déileáil leis an ngéarchéim tithíochta”.

Caithfidh Teachtaí Dála Rialtais i nGaillimh agus Maigh Eo admháil go bhfuil ag teip go h-iomlán orthu maidir le cúrsaí  thithíochta agus tacaíocht a thabhairt do rún Dála Shinn Féin ag iarraidh orthu gníomhú ar an ‘Géarchéim Náisiúnta’ seo láithreach.

Ag labhairt do inniu deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

‘Is damnú damanta ar pholasaithe tithíochta agus dídine an Rialtais seo na figiúir a léiríonn go bhfuil 369 aonad folamh ag na h-údaráis áitiúla i nGaillimh agus Maigh Eo, fad is atá na mílte ar na liostaí feitheamh tithíochta.

‘De réir staitisticí nua atá eisithe tá 59 aonad i gcathair na Gaillimhe, 165 sa chontae agus 145 eile i Maigh Eo atá folamh de bharr ganntann maoinithe ón rialtas chun iad a chur in oiriúint do dhaoine chun cónaí iontu.

‘Tá neart bolscaireacht agus preasocáidí eagraithe ag an rialtas seo le n-inseacht dúinn cén chaoi a bhfuil sé i gceist acu dul i ngleic leis na fadhbanna, ach is í fírinne an scéil ná nach bhfuil muid ag feiceáil tithe dhá chur ar fáil dóibh siúd a dteastaíonn sé uathu. Tá muid ag feiceáil daoine dhá dhíbirt amach as a gcuid tithe de bharr ardaithe cíosa agus bancanna ag díriú ar aisíoc riaráistí morgáiste. Tá sé seo go h-iomlán mícheart agus ba chóir go gclaonfadh Enda Kenny agus a chomhleacaithe rialtais Derek Nolan, Brian Walsh Seán Kyne, John O’ Mahoney, Michelle Mulherin agus Michael Ring ag gcuid cloigne le teann náire.

“Tá chuile iarracht déanta ag an rialtas leis an milleán a chuir, agus an fhreagracht a théann leis sin a leagan air na h-údaráis áitiúla. Tá sé seo dochreidte. Luíonn an fhreagracht don ghéarchéim seo go h-uile agus go h-iomlán leis an Taoiseach, an Tánaiste, an tAire Alan Kelly agus Teachtaí Dála agus Seanadóirí na Gaillimhe agus Maigh Eo, cuma cé chomh minic agus a shéanann siad sin.  

“Tá sé soiléir nach bhfuil Fine Gael na an Lucht Oibre ag tógáil an ghéarchéim seo dháiríre.

Déanfar plé ar rún Dála ó Shinn Féin faoin ngéarchéim tithíochta tráthnóna Dé Máírt agus Dé Céadaoin na seachtaine seo.  

“Tá faoi Sinn Féin dul i ngleic go díreach leis an ngéarchéim tithíochta. Ciallaíonn seo céimeanna a ghlacadh cosúil le h-athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht le tithíocht sóisialta a chur ar fáil níos tapúla, breis maoiniú a chuir ar fáíl ón rialtas le h-aonaid tithíocht sóisialta a thógáil agus cuidiú leo chun iasachtaí áisíneachtaí tithíochta a fháil nach bhfuil ar an gclár comhardaithe.  

“Tá i bhfad níos níos fearr ná seo tuillte ag muintir na Gaillimhe & Maigh Eo. Is pointe cinniúnach í seo don rialtas agus is beag an mhaith a gcuid cainte maidir leis an téarnamh eacnamaíoch dóibh siúd atá ag cailleadh a gcuid tithe, nó a bhfuil riachtanas dídine éigeandála acu faoi réimeas an rialtais seo.”

Connect with Sinn Féin