Sinn Féin - On Your Side

Caithfear Robálacha lucht hearóin i gCnoc na Cathrach a stopadh– Ó Clochartaigh

19 October, 2015


Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag iarraidh go gcuirfí acmhainní breise ar fáil chun breith ar bhuíon beaga gadaithe, a chreidtear a bheith ‘ard’ ar dhrugaí, atá ag déanamh imeaglú ar áitritheoirí áitiúla agus iad i mbun sraitheanna de robálacha i gceantar Cnoc na Cathrach i nGaillimh.

Ag labhairt dó inniu deir sé:

‘Tuigtear dom go bhfuil eolas mhaith ag na Gárdaí agus muintir na h-áite ar an mbuíon beag daoine contúirteacha seo, gur gabhadh agus gur cúisíodh iad agus nuair a scaoileadh amach ar bhannaí iad go ndeachaigh siad i mbun coiriúlachta ar an bpointe arís.

‘Chaith mé cúpla uair a chloig i gcuideachta duine áitiúil ag an deireadh seachtaine ar díríodh ar an teach atá acu trí h-uaire le mí anuas. Réabadh an tí agus tógadh formhór a gcuid rudaí luachmhara.   Chonaic an té seo an dream a bhí i gceist agus lean iad chuig teach tréigthe a bhí in úsáid acu agus chur fios ar na Gardaí. Tá bagairtí agus imeaglú déanta ag baill den bhuíon coirpeach seo orthu ó shoin agus tá faitíos ar an duine seo sráideanna Cnoc na Cathrach a shiúl astu féin faoi láthair.

‘Deirtear liom go bhfuil frustrachas ollmhór ar na Gardaí faoi láthair freisin nuair athógtar na daoine seo, go gcúisítear agus go dtugtar ós comhair cúirte iad agus ina dhiaidh sin go ligtear amach ar bhannaí iad  le dhul i mbun babhtaí eile gadaíochta agus iad faoi thionchar drugaí.

‘Tá mé ag iarraidh ar an Aire Dlí agus Comhionannas dul i gcomhairle le h-údaráis na nGardaí le cinntiú go stoptar na gadaithe seo. Má chiallaíonn sin breis acmhainní a chur ar fáil go h-áitiúil le déileáil leis an mbuíon áirithe seo, nó athruithe reachtaíochta a thabhairt isteach chun go gcinnteofar nach mbeidh dreamanna den chineál seo a dhéanann coiriúlacht leanúnach mar seo in ann sin a dhéanamh, ní mhór sin a dhéanamh mar ábhar práinne.  

‘Deirtear liom go gceaptar go bhfuil an méadú in úsáid hearóin ag cur leis na deacrachtaí seo agus caithfear deimhniú freisin go mbeidh dóthain acmhainní ar fáil do na pobail seo chun cinntiú nach leathnóidh an fhadhb seo’.

Connect with Sinn Féin