Sinn Féin - On Your Side

Breis is 35,000 othar seachtrach ar liostaí feitheamh ag Ospidéil na Gaillimhe agus vóta stailce glactha ag altraí – Trevor Ó Clochartaigh

24 November, 2015


Cháin Seanadóir Shinn Féin Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas, Trevor Ó Clochartaigh, an rialtas go láidir inniu fhad is a vótáil tromlach mór de bhaill Chumann na nAltraí is na mBan Chabhrach ar son aighneas tionsclaíoch.

Deir an Seanadóir:

“Baineann an ghéarchéim sna h-ospidéil go díreach le h-easpa maoinithe ón rialtas agus fágadh ár gcuid oibrithe túslíne gan aon rogha eile ach dul i muinín an t-aighneas tionsclaíoch dhá bharr.

“Tá altraí ag déanamh obair den scoth chuile lá den tseachtain, fhad is atá siad faoi bhrú breise mar go bhfuil ag teip go leanúnach ar an rialtas dul i ngleic leis na fadhbanna plódú inár gcuid ospidéil.

“Ba í mí Dheireadh Fómhair na bliana seo an ceann ba mheasa ariamh, le 7,971 othar glactha sa chóras is iad ag fáil cóir leighis ar thralaithe ar fud an stáit, agus is iad an chéad deich mhí den bhliain seo, le h-ós cionn 80,000 othar ar thralaithe an bhliain is measa ó thosaigh an feachtas faire thralaithe an chéad lá ariamh.

“Seo an corr is déanaí i scéal anróiteach mí-bhainistíochta na seirbhíse sláinte poiblí, atá tithe ó ghéarchéim amháin go géarchéim eile faoi na hAirí Reilly & Varadkar.

“In Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, bhí 469 othar ar thralaithe ag fáil cóir leighis i mí Dheireadh Fómhair, fad is a léiríonn na figiúir is déanaí go bhfuil líon dochreidte de 34,870 othar ag fanacht ar na liostaí feitheamh seachtracha d’ospidéal na cathrach sin.

“Caithfidh an tAire Varadkar anois dul i mbun idirbheartaíochta le Cumann na n-Altraí & na mBan Chabhrach má tá muid le stailc sna h-aonaid éigeandála a sheachaint idir seo agus an Nollaig.

“An réiteach bhunúsach atá ar an ngéarchéim seo ná breis infheistíochta agus dul siar ar na ciorruithe a chuir Fianna Fáil, an Lucht Oibre & Fine Gael i bhfeidhm le blianta beaga anuas.

“Tá Sinn Féin ag éileamh go leanúnach gur gá infheistíocht bhreise a dhéanamh inár seirbhísí poiblí agus, má bhíonn muid i rialtas, go mbeadh muid sásta 2,500 altra breise a earcú thar cúig bhliain le h-earcaíocht bhreise sa mullach ar sin inár dara tréimhse rialtais, más ann do”.

Connect with Sinn Féin