Sinn Féin - On Your Side

Ospidéal na hOllscoile Gaillimh ar bharr Cairteanna na dTralaithe – Ó Clochartaigh

8 December, 2015




Tá an líon is airde daoine ar thralaithe sa tír in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh inniu. Le dhá scór duine ar thralaithe, tá sin i bhfad an iomarca, dar le Seanadoir Shinn Féin,  Trevor Ó Clochartaigh agus léiríonn sé nach ndearna cuairt an Taoisigh difríocht dá laghad do sheirbhísí ansin. 

Dar le Ó Clochartaigh:

‘D’admhaigh Enda Kenny ar deireadh thiar thall an tseachtain seo caite nach bhfuil aonad Timpistí & Éigeandála na Gaillimhe oiriúnach dá fheidhm ar chor ar bith. Tá muintir na h-áite, an fhoireann agus ionadaithe tofa dhá rá sin le fada, ach is í an chluais bhodhar a fuaireamar ón rialtas ina leith. 

‘Tá fhios ag madraí an bhaile go bhfuil gá la h-aonad nua Timpistí & Éigeandála ann agus ba chóir sin a chur chun cinn gan a thuilleadh moille. Ní trua atá uainn ón dTaoiseach, ach gníomh leis an ngéarchéim reatha a mhaolú. 

‘Tá an líon is airde sa tír inniu, 40 duine, ar thralaithe in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Tugann sin ollmhéid de 8,206 lá caite ag daoine ar thralaithe san aonad sin ó thús na bliana. Má leanann pátrún na míosa seo beidh mí na Nollaig ar an mhí is airde fós i mbliana freisin. 

‘Is beag an mhaith do dhaoine imní an Taoisigh, ná na cuairteanna a thug na hAirí Varadkar & Reilly ar an ospidéal roimhe seo. Caithfidh an rialtas níos mó baill foirne a chur ar fáil leis an bhrú a bhaint d’ospidéil an Iarthair. Tá gá le h-acmhainní breise ag an leibhéal Cúram Príomhúil agus do na Dochtúirí Teaghlaigh leis an mbrú a bhaint de na h-aonaid Timpistí & Éigeandála.   Tá gá le níos mó áiteanna Céim Síos agus sna Tithe Altranais a chur ar fáil chun leapacha a scaoileadh saor sa chóras géarmhíochaine agus breis tacaíochtaí pobail a sholáthar chun aire a thabhairt do dhaoine ina gcomharsanacht féin agus iad a choinneáil amach as chóras na n-ospidéil ar an gcéad dul síos. 

‘Tá praiseach iomlán déanta ag an rialtas seo don chóras  mí-éifeachtach agus místuama a bhunaigh Micheál Martin & Fianna Fáil le cuidiú ón na PD’s rompu. Tá sé rí shoiléir go bhfuil an bogadh seo i dtreo príobháidiú na seirbhísí sláinte tubaisteach d’othair agus go gcaithfear tarraingt siar uaidh arís agus sin a dhéanfadh Sinn Féin i rialtas’.  

CRÍOCH

Connect with Sinn Féin