Sinn Féin - On Your Side

Imní maidir le molta bóthar Crosaire an Chartúir Mhóir a dhúnadh – Ó Clochartaigh

22 December, 2015


Tá Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh chun imní an phobal maidir le moltaí chun an bóthar R339 a dhúnadh ar feadh trí seachtain an bhliain seo chugainn, a ardú le Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Ag labhairt dó i ndiaidh dó féin agus an Chomhairleoir Chontae Gabe Cronnelly bualadh le daoine sa gceantar an tseachtain seo, deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

‘Tá imní ar phobal na h-áite go bhfuil sé i gceist ag an gcomhlacht tógála Sisk cead a lorg an bóthar R339 idir Crosaire an Chartúir Mhóir agus Crosaire Raiftearaí a dhúnadh ar fad ar feadh trí seachtaine an bhliain seo chugainn mar chuid d’oibreacha bóthar atá ar bun acu.

‘Tá faitíos ar dhaoine go gcuirfidh sé seo isteach go mór ar chúrsaí tráchta sa gceantar. Tá an bóthar seo thar a bheith gnóthach agus é in úsáid ag daoine a bhíonn ag taisteal go Gaillimh ó threo Muine Mheá, Gaillimh thoir agus Ros Comáin. Má dhúntar an bóthar ar fad ar feadh trí seachtaine beidh cúrsaí tráchta ina chíorthuathail.

‘Chuirfí isteach ar scoileanna sa gceantar chomh maith, dar le roinnt de mhuintir na h-áite. Ina measc bheadh scoileanna an Charnán, na Creige Móire agus Lisín an Choill.

‘Beidh mé féin agus an Comhairleoir Cronnelly ag ardú na ceisteanna seo leis an gComhairle Chontae agus an chomhlacht tógála, ag iarraidh orthu dul i mbun idirbheartaíochta le muintir na h-áite, féachaint le plean bainistiú tráchta atá feiliúnach a chur in áit, a scaoilfidh leo leanúint ar aghaidh leis an tógáil ach a thabharfaidh deis do dhaoine an stráice bóthar atá i gceist a thaisteal chomh maith.'

Connect with Sinn Féin