Sinn Féin - On Your Side

Taoiseach ag admháil teip i leith na Gaeilge – Ó Clochartaigh

24 December, 2015


Is ionann ráiteas an Taoisigh maidir le cúrsaí Gaeilge ar Raidió na Gaeltachta inniú agus admháil go bhfuil teipthe ar féin go pearsanta agus ar an gCoiste Rialtais i leith na Gaeilge, dar le Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas, Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó inniu deir urlabhraí Gaeilge & Gaeltachta Shinn Féin:

‘In agallamh le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh aon mhaoiniú breise don Ghaeilge a bheith ‘bunaithe ar phlean soiléir a chinnteodh go mbeadh spriocanna an phlean ag obair’. Caithfidh go gceapann sé nach bhfuil a leithéad ann cheana féin?

‘An Taoiseach atá freagrach as an phlean sin. Enda Kenny atá mar Chathaoirleach ar an gCoiste Rialtais atá in ainm is a bheith ag brú an Straitéis Fiche Bliain chun cinn, atá in ainm is plean a bheith acu chuige sin. Coiste nach dtáinig le chéile ach cupla uair i mbliana. Is léir nach bhfuil plean, fís, ná fuinneamh dhá dhíriú aige ar sin mar is ceart.

‘Níl aon amhras nach dtuigeann sé ach an oiread chomh mí-éifeachtach is atá an Comhchoiste Dála atá ag plé le gnóthaí Gaeilge & Gaeltachta agus atá faoi Chathaoirleacht Teachta Dála de chuid an Rialtais. Níl ach fo-choiste acu a thagann le chéile go fíor-annamh, faoi bhrú ón bhfreasúra, le ceisteanna Gaeilge & Gaeltachta a phlé. Is minicí gur Seanadóirí & Teachtaí freasúra, cosúil liom féin, nach bhfuil ar an gcomhchoiste go h-oifigiúil fiú, a bhíonn ag cur brú orthu teacht le chéile le h-ábhair phráinneacha a mheas.

‘Léiriú eile a bhí i ráiteas an Taoisigh inniú ar an easpa iomlán tuisceana atá aige féin go pearsanta agus ag an Rialtas seo ar an ngéarchéim teanga atá againn agus an meath leanúnach atá ag teacht ar cheantair Ghaeltachta mar thoradh cuid mhaith ar dhroch-pholasaithe Fine Gael & an Lucht Oibre.

‘Níor chóir d’aon duine a bhfuil meas ná omós acu don Ghaeilge & don Ghaeltacht vóta a chaitheamh d’Fhine Gael ná an Lucht Oibre sa chéad olltoghchán eile, mar ní féidir muinín ar bith a chur iontu an cur chuige ‘mair a chapaill & gheobhfar féir’ atá acu a athrú.’

Connect with Sinn Féin