Sinn Féin - On Your Side

Rialtas a bhfuil bá aige don Ghaeilge is don Ghaeltacht de dhíth orainn – Mac Ádhaimh

28 January, 2016 - by Gerry Adams TD


Ag labhairt dó i gConamara anocht ag seoladh fheachtas olltoghcháin iarrathóir Shinn Féin i nGaillimh Thiar, Trevor Ó Clochartaigh, dúirt ceannaire an Pháirtí Gerry Adams "go seasfadh Sinn Féin an fód ar son na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge

Dúirt An Teachta Adams:

“Luíonn an milleán maidir le meath na bpobal Gaeltachta le rialtais Fhianna Fáil is Finne Gaeil i ndiaidh a chéile. Ní raibh an Ghaeigle nó na pobail Ghaeltachta ina thosaíocht do na partaithe seo riamh.

“Níltear ag dul thar fóir a rá go bhfuil na pobail Ghaeltachta agus Oileánda ag streachailt chun maireachtáil mar atá agus go bhfuil eagla an domhain orthu go gcuirfear deireadh leo le hathoghadh an rialtais reatha seo, Brúdh na daoine seo chun agóideachta lena sheirbhís aer leis an mhórthír a choinneáil agus scoileanna beaga Gaeltachta a shábháil.

“Lagaídh Údarás na Gaeltachta agus baineadh airgead mór de.

“Ní dhearnadh cearta lucht labhartha na Gaeilge a chosaint agus leis an bhfaillí a rinneadh ar na limistéir Ghaeltachta tá na pobail ansin gann ar infheistíocht, maoiniú, agus seirbhísí agus cuireann seo leis an scoiteacht agus dídhaonrú.

“Seo an t-oidhreacht a d'fhág Fianna Fáil, Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre linn. Sin an fáth go bhfuil Rialtas a bhfuil bá aige don Ghaeilge is don Ghaeltacht de dhíth orainn.

“Sheasfadh Rialtas Shinn Féin an fód ar son na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge.

“Sa Tuaisceart tá an scéim Líofa ag dul ó neart go neart agus tá Aire Shinn Féin Carál Ní Chuilin i bhfeighil ar réimse mhór leathan de bheartais eile chun cuidiú le cur chun cinn na teanga, ina measc sin maoiniú a chur ar fáil do pháistí ó theaghlaigh ar bheagán ioncaim freastal ar chúrsaí Gaeltachta.

“Le Rialtas Shinn Féin dhéanfaí toghcháin dhíreacha d'Údarás na Gaeltachta a chur ar bun arís mar aon le maoiniú caipitil a mhéadú. Tosaíocht eile ná cur i gcrích athbhreithniú ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

“Is ionann vóta do Shinn Féin agus fíorthodhchaí roimh an Ghaeltacht chomh maith le tiomantas ceart ón Rialtas i leith na Gaeilge.”

Connect with Sinn Féin