Sinn Féin - On Your Side

Donnchadh Ó Laoghaire TD- Árd Fhéis speech on government formation talks

23 April, 2016 - by Donnchadh Ó Laoghaire TD


Le linn an Toghchán deireanach, do chur ceannairí an dá phairtí is mó, Fianna Fáil, agus Fine Gael, ina luí go raibh Sinn Féin mar pairtí dáinsearach, go gcuirfimis an daonlathas I mbaol sa stáit seo, nách bhfeadfaí muinín a bheith acu astainn. Nách bhfuilimid oiriúnach a bheith I Rialtas ná I gCumhacht sa stáit.

Dúradar go rialta agus go fíocmhar nách bhfeadfaidis aon páirt a ghlacadh in aon rialtas lena mbainfeadh Sinn Féin, agus go raibh said glan ina choinne aon beart a dhéanamh le Sinn Féin

Ghabh ar aghaidh cúpla seachtainí ;  Anois tá’dar ár gcáineadh, ár gcéasadh, os rud é nách bhuifilimid ag iarraidh bheith I rialtas leo, nó beart a dhéanamh leo, len iad a chur ar ais sa Rialtas. Caithfidh go gceapann said go bhfuil cuimhne gairid againn, is léir!

Is léir go bhfuileadar, agus go bhfuil pointe áirithe na meáin ag iarraidh an dalla mullóg a chur ar daoine. Tá’dar ag iarraidh a chur ina luí orainn, in aineoinn gur mar a gcéanna atádar ó thaobh polasaí, go bhfuil difríochtaí ollmhór ann agus gur pianmhar an obair é beart a chur le chéile. 

In ndáiríre, ní mar sin atá, tá Clár Rialtas a chur le chéile acu faoi láthair

Aon duine a fhéachann go macánta agus go dáiríre ar torthaí an toghchán, níl ach slí amháin gur féidir rialtas, bíodh ina rialtas mionlach nó tromlach, ach trí beart éigin idir an dá phairtí san.

In aineoinn an dul chun cinn iontach a rinne SF agus roinnt páirtithe eile, is léir nár éirigh leis an chlé nó le forsaí forásacha an toghchán a bhuachaint.

 Tá dá taobh an dáil tar éis a bheith faoina smacht ón tosach stair an stait. Nuair nách mbíonn taobh amháin den bhunaíocht seo san rialtas, bíonn an taobh eile. Níl sé de chumas acu a ghlacadh nách leanfaidh sin ariamh, agus go bhfuil deireadh tagtha leis an réim sin. 

Ní féidir leo a ghlacadh go bhfuil páirtithe ar nos Sinn Féin, agus gluaiseacht láidir forásach eile ann anois a bhfeadfadh bheith mar an fhreasúra, agus níos measa fos, a bhfeadfadh bheith ina rialtas go luath. Tá polaitíocht an tír seo ag aistriú go tapa, agus tá Sinn Féin ina gcuid lárnach den aistriú sin.

Connect with Sinn Féin