Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an Clár Athchóirithe a bheith ar bharr liosta na bprióireachtaí sa Seanad - Ó Clochartaigh

26 April, 2016


Tá ríméad léirithe ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil sé áth-thofa don Seanad don dara téarma inniu. 

Deir Seanadóir atá lonnaithe sa cheantar Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas, go gcaithfear athchóiriú an Teach Uachtaraigh a chur ar bharr an chlár oibre anois maidir le h-aird a tharraingt ar shláinte, tithíocht oideachas agus réimsí eile ar bhealach i bhfad níos dáiríre.

“Bhí cuid mhaith cainte ann le roinnt seachtainí anuas ar ról níos daonlathaí don Dáil. Tá an rud céanna fíor faoin Seanad. Níor léirigh an rialtas deiridh mórán ómóis don tSeanaid. Bhí reachtaíocht dhá bhrú thríd de bharr an móramh mór a bhí ag an rialtas. Caithfear sin a athrú agus athróidh sé.

“Beidh foireann mhéadaithe Shinn Féin chun tosaigh maidir le moltaí a chur chun cinn atá forásach, athchóiriú agus díospóireachtaí Seanaid. Chuige seo beidh muid ag lorg tacaíocht ó Sheanadóirí eile atá ar an intinn céanna linn.

“Beidh mé ag cinntiú chomh maith go mbeidh ceisteanna Ghaillimh Thiar – Maigh Eo theas i lár an aonaigh sna díospóireachtaí trasna na ranna rialtais éagsúla freisin.”

Connect with Sinn Féin