Sinn Féin - On Your Side

Easpa measa á léiriú ag an rialtas i leith na Gaeilge - Aengus Ó Snodaigh TD

27 April, 2016 - by Aengus Ó Snodaigh TD


Cháin an Teachta Dála Aengus Ó  Snodaigh, Príomh Aoire  agus  Urlabhraí Ghaeilge Shinn Féin, Fine Gael as  drochmheas an rialtais i leith na Gaeilge  nuair a fógraíodh gur baineadh na ráitis ar an nGaeilge den chlár don Dáil agus gur cuireadh siar iad go dtí an tseachtain seo chugainn.

Ag labhairt dó aréir deir se:

“Táim den tuairim láidir gur cheart na ráitis ar an nGaeilge a chur ar ais ar chlár na seachtaine seo.

“Tá Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge arís.

“Léiríonn an cur chuige náireach seo dímheas an rialtais ar lucht labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Nuair a léirítear drochmheas oifigiúil ar an teanga treisítear an tuairim nach bhfuil luach ar an nGaeilge. Masla amach is amach atá ann.

“Is cúis náire í, go háirithe le linn Chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916.

“Is mór an scannal é a athneartaíonn an tuairim nach tosaíochtaí iad an Ghaeilge, an Ghaeltacht nó lucht labhartha na Gaeilge ag Fine Gael anois nó choíche.”

Connect with Sinn Féin