Sinn Féin - On Your Side

Fáiltíonn Sinn Féin roimh ainmniúchán Seán Kyne mar Aire Stáit don Ghaeltacht

20 May, 2016


Ba mhaith le hUrlabhraithe Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Peadar Tóibín TD agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh comhghairdeachas a dhéanamh leis an Teachta Dála Seán Kyne ar a ainmniúchán mar Aire Stáit don Ghaeltacht.

Ag labhairt dóibh ar maidin dúirt Peadar Tóibín agus Trevor Ó Clochartaigh:

“Déanaimid comhghairdeachas leis an Aire Stáit Seán Kyne. Tá obair mhór roimhe agus táimid ag tnúth le bheith ag comhoibriú leis ar mhaithe leis an nGaeltacht agus an Ghaeilge.

“Mar is eol dó, tá gá le hacmhainní breise, ‘Straitéis’ nua, maoiniú d’eagrais pobalbhunaithe agus d’Údarás na Gaeltachta. Tá cinnteacht ag teastáil ó thaobh seirbhísí aeir agus iompair go hÁrainn. Tá géarghá go seasfaidh an tAire Stáit nuacheaptha go láidir ar son cearta na n-oileánach a thagann faoina chúram freisin.

“Tá práinn ann le fada an lá go bhfoilseofar agus go neartófar leasuithe Acht na dTeangacha.

“Táimid ag súil le bualadh leis an Aire Stáit go luath chun na cúrsaí seo a phlé.”

Connect with Sinn Féin