Sinn Féin - On Your Side

Liadh Ní Riada chun comhdháil ar idirdhealú agus éagsúlacht teangacha san AE a reachtáil

30 May, 2016 - by Liadh Ní Riada MEP


Beidh FPE Liadh Ní Riada ag reachtáil comhdháil sa Bhruiséil ar idirdhealú agus éagsúlacht teangacha san Aontas Eorpach amárach.

Ag labhairt di roimh an chomhdháil dúirt Liadh Ní Riada:

"Tá éagsúlacht iontach de theangacha san Aontas Eorpach. Tá imeallú á dhéanamh ar chuid acu, áfach. Tá ról mór ag an Aontas Eorpach chun cearta na dteangacha ar fad san Aontas Eorpach a chosaint agus chun a chinntiú go dtugtar cothrom na féinne dá lucht labhartha laistigh de chreatlach an AE.

“Leis an gcomhdháil seo atá ag teacht beidh deis ann plé a dhéanamh ar chearta agus ar a bhfuil le déanamh le cinntiú go gcosnófar cearta teanga san Aontas Eorpach. Tugadh cuireadh do mheascán cainteoirí Gaeilge, Catalóinise, Breatnaise, Baiscise, Briotáinise chomh maith leis an Ungáiris sa tSlóvaic agus sa Rómáin.

 “Ó lucht na Gaeilge beidh:  Coimisinéir Teanga Ronán Ó Domhnaill, stiúrthóir abhcóideachta Conradh na Gaeilge  Ciarán Mac Giolla Bhéin, Liam Ó Maolaodha ó Oireachtas na Gaeilge, Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc agus an craoltóir Páidí Ó Lionáird.

“Ciorrófar forbairt cearta lucht labhartha na dteangacha éagsúla mar aon le hidirdhealú teanga, le roinnt samplaí ó na tíortha ar fad a mbeidh ionadaithe ag freastal chun léargas a thabhairt ar na deacrachtaí atá ann agus ar na cearta atá bainte amach ag lucht labhartha teangacha neamhfhorleathana. Beidh muid ag cíorú an leor na cearta atá againn faoi láthair agus an bealach is fearr chun cur leo.

“Cuirfear deireadh leis an chomhdháil le moltaí le haghaidh éisteacht de chuid an Choiste Cultúir ar dhul i ngleic le hidirdhealú teanga san Aontas Eorpach. Tá mé ag súil le plé oscailte macánta agus le bearta a thiocfaidh as éisteacht a bheidh beomhar eolasach.”

Connect with Sinn Féin