Sinn Féin - On Your Side

Seanad nua, an Sean-pholaitíocht céanna – Ó Clochartaigh

8 June, 2016


Beidh an sean-pholaitíocht céanna i réim sa Seanad nua  is a bhí sna cinn a tháinig roimhe, más léiriú ar bith iad eachtraí an lae inniu i dTeach Laighean, dar le Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó inniu i ndiaidh don Seanad nua suí don chéad uair, deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

“Taréis an baothchaint ar fad maidir le h-athchóiriú agus polaitíocht nua is í an sean-phort céanna  bhí dhá sheinm inniu.

“Bhí áthas ormsa mo chomhleacaí an Seanadóir Rose Conway Walsh a ainmniu do phost an Chathaoirligh. Ach, bhí díomá mhór orm gur thacaigh Fianna Fáíl, Fine Gael & an Lucht Oibre le Denis O’Donovan as Fianna Fáil ina h-ionad.

“Cloiseann muid cuid mhaith cainte maidir le h-athchóiriú polaitiúil, faoi níos mó mná a bheith gníomhach sa pholaitíocht agus an tseileáil gloine a bhriseadh, ach nuair a chur muid deis ós comhair an tSeanad inniu, theip go tubaisteach orthu an ‘pholaitíocht nua’ a chleachtadh agus gan ach Seanadóirí Shinn Féín agus beirt de na neamhspleáigh ag tacú le h-ainmniúchán Rose.

“Tá dóchas mhór againn don Seanad nua, ach má tá na páirtithe bunaidh chun cúltaca a thabhairt dá chéile ar an gcaoi seo go rialta agus má tá an neamhchinnteacht a léirigh neamhspleáigh eile inniu le leanúint ar aghaidh, níi bheidh stró ar bith ar an Rialtas reachtaíocht a bhrú thríd an Seanad mar a rinne siad cheana.

“Beidh Sinn Féin ag leanúint orainn áfach, mar an fíor phríomhpháirtí freasúra sa tSeanad ar an gcaoi chéanna is atá ár gcomhleacaithe Dála ag gniomhú le tamall anuas chomh maith.” 

Connect with Sinn Féin