Sinn Féin - On Your Side

Caithfear na táillí dramhaíola a chaitheamh sa bhruscar– Ó Clochartaigh

16 June, 2016


Is féidir leis an tSeanad an fhiúntas a bhaineann leis a léiriú an tseachtain seo chugainn tríd na táillí nua bruscar atá molta a chaitheamh i dtraipisí, dar le Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó i ndiaidh do Shinn Féin rún Bille Gnó Príobháideach a sheoladh a tharraingeoidh siar an Ionstraim Reachtúil a cheadaíonn do na comhlachtaí bruscar táillí a dhúbailt tar éis an chéad lá d’Iúil , deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

‘Tá sé in am do bheart de réir briathar anois ó na Seanadóirí, go h-áirithe muintir Fhianna Fáil.

‘Thug Alan Kelly isteach an Ionstraim Reachtúil seo i laethanta deiridh an tsean Rialtais, a thugann cead a gcinn do na comhlachtaí dramhaíola arduithe ollmhóra a chur ar tháillí bruscar agus tá Sinn Féin ag iarraidh sin a tharraingt siar.

‘Léim Fianna Fáil ar bord leis an gceist seo inniu agus tá muid ag iarraidh orthu anois seasamh leis an gcosmhuintir agus tacú leis an rún seo sa tSeanad an tseachtain seo chugainn.

‘Is buille marfach iad na táillí seo do dhaoine nach bhfuil in ann aon chostais bhreise a sheasamh. Beidh sé thar a bheith tromchúiseach do theaghlaigh, do dhaoine le riachtanais speisialta sláinte agus iad siúd i gceantair iargúlta.

‘Tá easpa trédhearcachta, rialaithe agus cothroime ag baint leis an leagan amach nua atá molta agus caithfear é a stopadh.

‘Idir an dá linn d’fhéadfadh an Rialtas féin deireadh a chur leis an Ionstraim Reachtúil seo, ach muna ndéanann, tá muid ag impí ar chuile Sheanadóir an rud ceart a dhéanamh agus tacú le rún s’againne an tseachtain seo chugainn chun na táillí seo a chaitheamh ar an gcarn aoile, áit is dual dóibh.’

Connect with Sinn Féin