Sinn Féin - On Your Side

Sinn Féin ag lorg tacaíocht Fhianna Fáil chun deire a chur leis na táillí nua bruscar – Ó Clochartaigh

20 June, 2016


Deir Seanadóir Shinn Féin as Gaillimh Thiar – Maigh Eo Theas, Trevor Ó Clochartaigh, nár cheart don Aire Coveney a bheith ag damhsa de réir poirt na gcomhlachtaí dramhaíola príobháideacha ar tháillí bruscar agus muna gcuireann seisean deireadh leo roimh an Chéadaoin, go ndéanfaidh Sinn Féin iarracht sin a dhéanamh sa tSeanad.

Ag labhairt dó inniu, deir urlabhraí Tithíochta, Pleanála & Rialtas Áítiúil Shinn Féin sa Seanad:

‘Tá sé ríshoiléir nach bhfuil feidhm ar bith caomhnú comhshaoil leis an dlí seo a thug Alan Kelly isteach agus é ina laethanta deireadh in oifig an Aire. Is costas breise iad na táíllí bruscar nua seo atá leagtha anuas ar shaoránaithe atá faoi bhrú mór airgeadais cheana féin agus caithfear iad a chealú.  

‘Breathnaíonn sé nach bhfuil sé de ghus ins an Aire Coveney féin aghaidh a thabhairt ar seo leis na comhlachtaí dramhaíola, dá bhrí sin beidh muide ag lorg tacaíocht Fhianna Fáíl agus Seanadóiri eile sa bhfreasúra ar an gCéadaoin leis an ionstraim reachtúil a thugann cead do na comhlachtaí dramhaíola a rogha costas a bhaint amach, a tharraingt siar.

‘Ansin, teastóidh díospóireacht níos leithne uainn maidir le seirbhísí dramhaíola anseo in Éirinn. Tá Sinn Féin i bhfabhar cur chuige poiblí a chuirfeadh seirbhís éifeachtach ar fáil ar fud na tíre agus a spreagfadh daoine chun a gcuid bruscar a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil.

‘Dúshlán mór a bheidh anseo don ‘pholaitíocht nua’, más ann dó - agus tá muidne ag tabhairt dúshlán Fhianna Fáil ach go h-áirithe a gcuid ionadaithe i nGaillimh & Maigh Eo, beart a dhéanamh de réir briathair ar an gceist seo.’

Connect with Sinn Féin