Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh an Rialtas Iascairí a chosaint - Ó Clochartaigh

22 June, 2016


Caithfidh an Rialtas níos mó a dhéanamh ar son tionscal na h-iascaireachta in Éirinn dar le Seanadóir Ghaillimh Thiar - Maigh Eo Theas, Trevor Ó Clochartaigh.

Agus é ag lorg díospóireacht sa Seanad ar an ábhar, deir sé inniu:

'Tá éagóracha móra déanta ar thionscal na h-iascaireachta le blianta fada. 

'Tá scannáin ar nós 'Atlantic' ag tarraingt aird ar chomh mhí-chothrom is atáthar ag caitheamh le h-iascairí na hÉireann. 

'Tá comhroinnt na gcuótaí, an leibhéal maorlathais agus reachtaíochta atá i gceist agus an fhuadar atá faoina h-údaráis póilíneachta i mbun maoirseachta ar chuid de na báid i bhfarraigí na hÉireann ag brú iascairí amach as an tionscal. 

'Tá díospóireacht iomlán iarrtha agam sa Seanad ar thodhchaí thionscal na h-iascaireachta in Éirinn chun labhairt faoi líon na h-ollthrálaeirí atá inár gcuid uiscí, na moltaí a rinne comhchoiste Oireachtais roimhe seo maidir le h-inmharthanacht na bpobail tuaithe & cois cósta agus cén chaoi gur féidir linn fás agus forás a chur ar chabhlach iascaireachta na hÉireann. 

'Tá Sinn Féin ag obair lenár bhFeisire Eorpach Liadh Ní Riada chun aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo ag leibhéal na hEorpa, ach caithfidh Rialtas na hÉireann i bhfad níos mó a dhéanamh ina thaobh chomh maith.’

Connect with Sinn Féin