Sinn Féin - On Your Side

Tá an rialtas ag cur bac ar fhorbairt na nGaelscolaíochta sa Tír seo – Tóibín

22 June, 2016


Deir Peadar Tóibín, TD agus Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, go bhfuil córas pátrúnachta scoileanna an rialtais ag cur bac go gníomhach ar fhorbairt phátrúnachta Gaelscoileanna.

Ag labhairt dó inniu, deir sé:

“Tá an córas agus na rialacháin a bhaineann leis faoi láthair ag dul go trom in aghaidh fhorbairt earnáil na gaelscolaíochta.

“ Tá 270 bunscoil Gaeilge agus 3,035 bunscoil lán–Bhéarla sa stát. De réir na staitisticí is déanaí tá 25% de thuismitheoirí na tíre ag éileamh oideachas tí mheán na Gaeilge. Ní shásaíonn an córas mar atá, ach 4.7% den éileamh úd.

“Is ag snámh in aghaidh easa atá lucht labhartha na Gaeilge arís. Is mionlach iad a chuirtear faoi mhíbhuntáiste ag córas pátrúnachta na Roinne Oideachais.

“An iomaíocht atá i gceist idir scoileanna Gaeilge nó Béarla tá sé claonta in aghaidh na   Gaeilge.   

“Creideann Sinn Féin gur cheart tosaíocht a thabhairt d’Oideachas trí Ghaeilge, ar an gcéad dul síos. Ní chuireann sé seo bac ar scoileanna ar nós Educate Together bheith ar fáil mar scoileanna nua, ach is féidir leo fheidhmiú trí Ghaeilge freisin.

“Tá rogha de scoileanna ar fáil faoi láthair a fheidhmíonn trí Ghaeilge, idir scoileanna, ilchreidmheacha, tuatha, is araile, agus go leor réitigh ar an bhfadhb ar nós comhláithriú, nó an scoilcheantar a leathnú níos mó chun freastal ar an dá éileamh.

“Is díomách an scéal é gur diúltóidh  don Fhórás Pátrúnachta gaelscoil ilchreidmheach a bhunú i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, cé gur cláraíodh  733 mic léinn ón gceantar is ó na ceantair mórthimpeall air d’oideachas, ilchreidmheach tí Ghaeilge, rud nach bhfuil ar fáil in aon scoil eile i dTuaisceart na Cathrach.

“Ba cheart maolú a thabhairt do ghaelscoileanna ar an mbunús nach bhféadfaidís dul san iomaíocht go huimhriúil le scoileanna lán-Bhéarla.

“ Tá Sinn Féin ag obair ar Bhille chun tosaíocht reachtúil a thabhairt don Ghaeloideachas amach anseo.

“Bheimis ag súil go dtacódh na páirtithe eile leis an mBille.”

 

Connect with Sinn Féin