Sinn Féin - On Your Side

Ní cóir fáil réidh le Béarla mar teanga oifigiúl an AE – Ní Riada

28 June, 2016 - by Liadh Ní Riada MEP


Labhair an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Liadh Ní Riada inniu mar gheall ar an moladh chun fáil réid leis an mBéarla mar teanga oifigiúl san AE i ndiaidh Brexit.

Ag labhairt sa Bhruiséil duairt Liadh Ní Riada:

“Tá níos mó taithí agam ag déanamh cosaint ar stádas na Gaeilge ná ar bheith ag tacú leis an mBéarla. Mar sin táim ag bain taitneamh as an íoróin seo. É sin ráite is ceist dáiríre é seo. Is teanga oifigiúil dár dtír é an Béarla, agus príomh teanga a lán daoine anseo in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Níor chóir stádas an Bhéarla a athrú.

“Tá sé doshamhlaithe nach mbeadh Béarla mar teanga oifigiúil an Aontais Eorpach i ndiaidh Brexit, agus is léir go mbeadh drochtionchar ar fostaíocht, soláthar seirbhisí agus go mórmhór ar féidireacht a lán chuid Éireannach plé le institiúidí na hEorpa.

“Níl an Béarla i mbaol báis nó níl cosaint nó cuir chun cinn ag teastáil ón Béarla, ach é sin ráite tá sé tabhachtach dár dtír go gcoimeadfaí Béarla mar teanga oifigiúil san Eorap, taobh leis an nGaeilge.

“Teastaíonn uaim bheith an-shoiléir mar gheall ar seo; ní féidir le caomhnú an Bhéarla bheith ar chostas na Gaeilge. Ta spás san Eorap don dhá teanga, agus táim ag glaoch ar rialtas na hÉireann bheith gníomhach ar son Béarla agus Gaeilge a choimead, ar chomh-chéim, mar teangacha oifigiúla den AE.” ENDS

Connect with Sinn Féin