Sinn Féin - On Your Side

Ba chóir Galway 2020 a cheiliúradh i measc na bpobal uilligh – Ó Clochartaigh

15 July, 2016


Ag cur fáilte roimh an go roghnaíodh Gaillimh mar Chathair Chultúrtha na hEorpa i 2020, rinne An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh comhghairdeas le chuile dhuine a bhí páirteach ann, ag rá go gcaithfear an éacht seo a mhóradh i measc na bpobal éagsúil sa Ghaillimh.

Ag labhairt dó sa Seanad inniu dúirt An Seanadóir do Ghaillimh Thiar – Deisceart Mhaigh Eo:

“Lá iontach do Ghaillimh atá ann. Tá toradh a gcuid oibre faighte ag chuile dhuine a raibh páirt acu ann. Tá torthaí ann maidir leis an gcur chuige idirghabhálach, trasphobail, idirdhisciplíneach, agus is léiriú é se oar an bpróiseas comhairliúcháin a bhí ann.

“Bhí ról lárnach ag an nGaeilge agus an cultúr Gaelach san iarratas agus bac heart go mbeadh sí chun tosaigh sa bhliain féin,

“Caithfimid cinnte a dhéanamh de go mbeidh páirt ag pobal na Gaillimhe ar fad i bhforbairt agus i seachadadh chlár na n-imeachtaí.

“Tá sé tábhachtach freisin go ndéanann an rialtas beart de réir briathar maidir le tionscnamh na Cathrach Cultúrtha a mhaoiniú. Níor chóir go mbeadh ar Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe airgead a bhaint de sheirbhísí lair chun na tionscnaimh éagsúla a mhaoiniú. Caithfidh an Rialtas an fód a sheasamh mar beidh sé ina bhuntáiste don tír ar fad agus gheofar ar ais fiúntas na infheistíochta seo arís is arís eile.”

Connect with Sinn Féin