Sinn Féin - On Your Side

Beagán Faoisimh do dhaoine atá i nGuais Mórgáiste sa Phlean Tithíochta – Ó Clochartaigh

22 July, 2016


Deir Trevor Ó Clochartaigh Seanadóir de chuid Shinn Féin gur beag an faoiseamh atá ann do na mílte duine atá i mbaol a guid tithe a chailliúnt de bharr deacrachtaí mórgáiste.

Ag labhairt dó inniu dúirt an Seanadóir do Ghaillimh Thiar-Maigh Eo:

“Cuirim fáilte roimh an tuarascáil ach tá mé imníoch faoin easpa gníomhú maidir le daoine atá i nguais mórgáiste.Is leir go bhfuil an tiomantas sa Chlár Rialtais chun cúirt speisialta bhunú chun dul i ngleic le cásanna mar seo imithe ar fad.

“D’fhreastail mé féin ar an gCúirt Athseilbhithe i nGaillimh le déanaí mar a raibh 120 teaghlach os comhair an chláraitheora de bharr deacrachtaí morgáiste. Ba cheart go gcuirfeadh an figiúr scanallach seo in iúl go soiléir don Rialtas go bhfuil an fhadhb seo ann.

“Is léir gur cuireadh an cheist seo maidir le cinnteacht cíosa, ar an méar fhada mar gheall ar easpa tola polaitiúla agus ní mar gheall ar aon deacracht teicniúil. Tá Sinn Féin a rá le fada go bhfuil nasc ann idir an easpa tola seo agus líon na dTeachtaí Dála Fhianna Fáil agus Fhine Gael a bhfuil leas acu san earnáil cíosa.

“Faraor, in aineoinn go ndrearna  Fianna Fáil tagairtí do chinnteacht cíosa roimh an olltoghchán, ní raibh se de chumas acu tacú le Bille Shinn Féin a thabharfadh isteach cinnteacht cíosa. Chuir Fianna Fáil cos car chinnteacht cíosa.

“Tá ceisteanna ann maidir le tithíocht do mhic léinn, seandaoine, daoine le míchumas, an lucht siúil, agus daoine ag aistriú ó sholáthar díreach nach ndeachthas i ngleic leo sa tuarascáil seo ar bhealach sásúil go fóill, ach beidh Sinn Féin ag iarraidh iad a thbhairt isteach de réir mar a théann an plean chun cinn.” 

Connect with Sinn Féin