Sinn Féin - On Your Side

Caithfidh Fintrax inseacht d’oibrithe a bhfuiltear ag scaoileadh leo cá seasann siad - Ó Clochartaigh

13 September, 2016


Tá Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, ag iarraidh ar bhainistíocht Fintrax, atá ag scaoileadh le 30 duine as an Ionad Próiseála Sonraí atá acu ar an Tulach i gConamara, inseacht do na h-oibrithe cá seasann siad ó thaobh íocaíochtaí iomarcaíochta de.

Ag labhairt dó inniu deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

‘Is mór an trua go bhfuil an chomhlacht thar a bheith brabúil seo ag scaoileadh le h-oibrithe ina monarchan in Éireann mar go bhfuil costais saothair níos saoire sa Pholainn.

‘An rud is lú gur féidir leo a dhéanamh ná soiléiriú a thabhairt do na h-oibrithe sin a bhfuiltear a ligean leo cén sort pacáiste iomarcaíochta a gheobhaidh siad.

‘Tuigtear dhom go dtosófar a ligean na h-oibrithe chun bealaigh ar an 23ú Meán Fómhair agus go mbeidh siad uilligh scortha ar an 28ú Deireadh Fómhair.

‘Is beag idirbheartaíocht a bhí ag an gcomhlacht seo, nach gceadaíonn dá gcuid oibrithe a bheith páirteach i gceardchumann, leis na h-oibrithe maidir leis na pacáistí scoir agus níl aon cheo cinntithe fós. Tá comhlacht chomh mór agus chomh rathúil leis seo breá ábalta pleanáil chun cinn agus ba chóir go dtabharfaidís an deis céanna do na h-oibrithe an rud céanna a dhéanamh ina saoil féin.

‘Tá mé ag iarraidh ar Fintrax níos mó ómóis a thaispeáint dá gcuid fostaithe, aitheantas cuí a thabhairt dóibh as na blianta fada seirbhíse den scoth a thug siad agus pacáiste flaithiúil a cheadú a thabharfaidh beagáinín cinnteacht airgeadais dóibh agus iad ag dul ar thóir jabanna nua.’

Connect with Sinn Féin