Sinn Féin - On Your Side

Fáilte roimh crochadh fógra fiuchadh uisce na Ceathrún Rua – Ó Clochartaigh

20 September, 2016


Tá fáilte curtha ag Seanadóir Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala atá tugtha ag Uisce Éireann go bhfuil an fógra fiuchadh uisce atá i bhfeidhm do dhaoine a fhaigheann soláthar ón ionad ar an gCeathrú Rua, crochta anois.

Ag labhairt do inniu deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

“Gan dabht tá faoiseamh áirithe i bhfógra an lae inniu go bhuil  an t-uisce anois, de réir barúil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, sábháilte le n-ól. Cuireadh isteach go h-an-mhór ar an bpobal áítiúil agus leagadh ualach airgeadais mór orthu de bharr an fógra fiuchadh uisce a bhí i bhfeidhm.

“D’fhéadfadh an chás seo a bheith réitithe i bhfad ó shoin dá dtabharfaí aird ar mhuintir na h-áite agus dá mbeadh an obair uasghrádaithe déanta níos luaithe, mar a d’iarr muid.

“Beidh mé ag lorg breis eolais teicniúil go bhfuil an uasghrádú seo feiliúnach sa bhfad téarma leis an soláthar a chosaint ó cryptosporidium agus na leibhéalacha arda THM atá san uisce amh. Ní mór d’Uisce Éireann soiléiriú chomh maith go bhfuil na ceadanna cuí pleanála acu don ionad ar fad agus nach réiteach gearrthréimhseach atá anseo ná nach bhfuil aon bhaol go dtógfar aon chuid den chóras scagtha amach as an ionad níos déanaí gan a mhalairt de chóras a bheith i bhfeidhm.

“Tá mé fós cinnte go bhfuil fabht damanta i bplean fadtéarmach Uisce Éireann chun ionaid cosúil leis an gCeathrú Rua a íosghrádú agus uisce don réigiúin chur ar fáil as Gaillimh. Tá mé féín fós go láidir i bhfábhar go gcríochnófaí Scéim Réigiúnach Uisce Chasla agus leanfaidh mé ag feachtasaíocht ar a shon sin.”

Connect with Sinn Féin