Sinn Féin - On Your Side

Díomá ar Tóibín maidir le ráiteas Paul Williams ar an nGaeilge

22 September, 2016


Léirigh urlabhraí Shinn Féin ar an nGaeilge, Peadar Tóibín, a chuid díomá maidir le ráiteas a rinne an t-iriseoir agus craoltóir Paul Williams ar an nGaeilge ar maidin. Lean an ráiteas líomhaintí gur chuir réiteoir ag cluiche peile iachall ar imreoirí gan Gaeilge a labhairt, in ainneoin gur i nGaeltacht a bhí an cluiche. 

Dúirt an Teachta Tóibín:

“Tá díomá orm ó thaobh an ráitis a rinne Paul Williams ar maidin maidir leis an nGaeilge. Cé go bhfuil sé de cheart ag gach duine a chuid tuairimí a phlé, agus gur thacaigh Paul Williams le cine an réiteora, mar dhea, tá sé thar a bheith maslach a rá gur ghrúpa antoisceach iad lucht labhartha na Gaeilge.

“Is í an Ghaeilge ar dteanga náisiúnta agus ba chóir go mbeadh níos mó measa aige uirthi, in ainneoin a chuid tuairimí frith-phoblachtacha. Níl sé ceart nó cóir go ndearna sé aithris ar chanúint Ghearmánach ar an raidió, le cur in iúl don lucht éisteachta chomh hantoisceach is atá Gaeilgeoirí. Déannann an cineál dearcaidh seo beag is fiú ar thromlach lucht labhartha Gaeilge atá paiseanta faoin dteanga. 

“Is cúis imní freisin iad na líomhaintí seo agus iad sna sála ar an scéal gur fhág fear óg a phost i mbeáir I lár Chathair Chorcaí toisc nach raibh an t-úinéir sásta go raibh Gaeilge á labhairt aige ann.   

“Is léir go bhfuil an-chuid le déanamh chun an Ghaeilge a chosaint ó thaobh reachtaíochta de. Caithfidh an rialtas Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú gan mhoill. I dtaca leis sin, is gá dúinn dul i ngleic leis an dearcadh sean-chaite atá acu siúd a chaitheann anuas ar an nGaeilge agus ar Ghaeilgeoirí. Tagann na tuairimí seo salach ar bheocht agus ar bheatha phobal na Gaeilge agus na buntáistí uile a ghabhann lenár dteanga dúchasach a labhairt.”

Connect with Sinn Féin