Sinn Féin - On Your Side

Gníomhartha Smachta Tráchta ag Teastáil ar an Seantalamh – Ó Clochartaigh

5 October, 2016


Ní mór do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe céimeanna a thógáil leis an trácht a smachtú i gcomharsanacht an Seantalamh le gur féidir le gasúir na h-áite dhul ag an scoil go sábháilte, dar le Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh.

Ag labhairt dó inniu deir Seanadóir Ghaillimh Thiar – Maigh Eo Theas:

“Tá m’aird tarraigthe ag Cathaoirleach Chumann Áitritheoirí an Seantalamh, Ollie Burke, ar cheisteanna tromchúiseacha maidir le cúrsaí trachta sa gceantar, go h-áirithe ar Bhóthar Cholmcille.

“Tá fadhbanna móra le tranglam tráchta ag na h-amanna is gnóthaí agus le tiománaithe a bhíonn ag imeacht ag luas lasrach thríd na bóithre caola san gceantar tithíochta seo.

“Beidh mé ag déanamh teagmháil le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh orthu dul i ngleic leis na deacrachtaí tráchta seo tríd féachaint ar uchtóga moillithe, leataobhanna do bhusanna agus plean bainistiú tráchta le sláinte & sabháilteacht na bpáisti agus muintir na h-áite a chinntiú.

“Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le Mark Lohan atá ainmnithe chun áit Anna Marley a ghlacadh mar Chomhairleoir ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe do Shinn Féin, chun an brú a choinneáil orthu chun an ceist seo atá arduithe ag pobal na h-áite a thógáil i ndáiríre.”

Connect with Sinn Féin