Sinn Féin - On Your Side

An Ghaeilge caite amach mar bhruascar sa Bhuiseád – Tóibín

14 October, 2016


Dúirt urlabhraí Shinn Féin ar an Ghaeilge, Peadar Tóibín gur léirigh an rialtas dímheas ar ár dteanga dhúchais ón chaoi ar deineadh ciorraithe móra ar bhuiséad na teanga.

Ag labhairt dó sa Dáil inné dúirt an Teachta Tóibín:

“Léirigh an rialtas an dímheas atá acu ar an Ghaeilge sa bhuiséád seo.

“Seoladh an Straitéis 20 Bliain roinnt blianta ó shin le tacaíocht ón uile-pháirtí. An cuspóir a bhí ann ná go mbeadh 250,000 lucht cainte Gaeilge faoin mbliain 2030. Tá sé sinina smidiríní anois. Mar atá sé, tá baol ann gurb é seo an ghlúin dheireanach le Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht againn.  

“I ndiaidh 2008, déineadh nach mór 90% a ghearradh ón maoiniú don earnáil Ghaeilge. An bhliain seo caite, ag snámh i naghaidh easa, gearradh arís é agus i mbliana deineadh laghdú 9% ar mhaoiniú rialtais don Ghaeilge.

“Is cuid lárnach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Is gné thábhachtach d’eagsúlacht theanga domhanda í, stór eolais, litríocht, ealaíon agus smaointearacht í. Agus í caite gan stró ón mbord comhaireachta sa bhruascar. Agus is mór an náire é sin.” 

Connect with Sinn Féin