Lá mór agóide ó thaobh na Gaeilge de – Peadar Tóibín TD
Dúirt an Teachta Peadar Tóibín, urlabhraí Shinn Féin ar an nGaeilge, go raibh sé ag tacú leis na hagóide ó thuaidh agus ó dheas inniu maidir leis an dímheas léirithe ar an Ghaeilge ar fud oileán na hÉireann.
Ag labhairt dó inniu dúirt an Teachta Tóibín:
“Ó thuaidh tá sraith ionsaithe déanta ar an dteanga le cúpla mí anuas, leis an Aire Peter Weir ag baint maoiniú ó scoileanna lán-Ghaeilge mar shampla, agus ag cur bac ar thógáil Gaelscoileanna nua. Fógraíodh an ionsaí is déanaí díreach roimh an Nollaig, ag gearradh sparánachtaí Gaeltachta Líofa do dhaltaí.
“Tacaím go mór leis an bhfeachtas
atá tosaithe ag ‘An Dream Dearg’. Tá fuinneamh, samhlaíocht agus neart ina
thaobh. De thoradh ar an drochíde a tugadh don Ghaeilge le déanaí, bhí géarghá
leis an ngluaiseacht seo. Guím gach rath ar na hagóidí inniu agus tá mé féin
agus mo chomhghleacaithe ag déanamh togha na hiarrachtaí na sparánachtaí seo a athchóiriú.
“Níl teorainn leis an tarcaisne agus an masla a thugann an DUP don Ghaeilge.
Ach ó dheas, níl cúrsaí ró-iontach againn ach oiread. Cé go dtugtar béalghrá
agus plámás don Ghaeilge, tá an neamart agus an fhaillí atá déanta ag an
rialtas ar an nGaeilge gach pioc chomh díobhálach agus na polasaithe nimhneacha
atá á gcur i bhfeidhm ó thuaidh ag an DUP.
“Bliain i ndiaidh bliana tá stádas na Gaeilge á laghdú ag an rialtas. Déantar i mbealach ciúin, slítheánta é. An bhliain seo chaite baineadh an riachtanas Gaeilge agus leabharlannaithe sinsearacha nua á fhostú. Bhí laghdú 9% ar mhaoiniú Gaeilge, Gaeltachta agus na n-oileáin agus laghdú €6 milliúin ar a maoiniú caipitil.
“Anuas ar sin, tá deireadh le riachtanas Gaeilge d’Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe. Tá agóid chéilithe eagraithe ag Misneach inniu in éadan an chinnte seo.
“Is ábhar dóchais iad na léirsithe atá ag titim amach inniu. In ainneoin an caitheamh anuas atá déanta ar an dteanga – tá daoine na hÉireann ag seasamh an fhóid ar son bun aidhmeanna an Dream Dearg – sin é cothromas, cearta agus cóir.”